Wednesday, February 20, 2019

"An tSaothraí" is an example of "forcheartú"

Several people have asked me, why the t- in the Irish title of "The Breadwinner" - i.e. "An tSaothraí".

The sad answer is: it is wrong. "Saothraí" is indeed the Irish word for "breadwinner", but as it is masculine, it doesn't take that t- in nominative case. "An Saothraí" would be correct. However, in the genitive case - which in this word does not affect the ending - the t- is needed. Thus, "an saothraí" = "the breadwinner", but "airgead an tsaothraí" = the breadwinner's money.

I think this is an example of "forcheartú", i.e. hypercorrection. It means the extension of a perceivedly difficult grammatical feature to where it does not correctly apply, "just in case".

Monday, February 04, 2019

An fíor nach bhfuil litríocht shuimiúil ar fáil?

Nuair nach raibh mé ach i mo thosaitheoir ag foghlaim na Gaeilge, ba é an deilín a bhí le cluinstin ó gach uile dhuine i saol na Gaeilge a raibh aithne agam air ná nach raibh ach litríocht leadránach ar fáil i nGaeilge, leabhair nach gcuirfeadh an t-aos óg suim ar bith iontu, agus ar ndóigh ba é "Peig" ba mhó a bhí i gceist acu. Mar sin chinn mé féin ar an teanga a fhoghlaim chomh foirfe agus a thiocfadh liom agus lón léitheoireachta a sholáthar nach mbeadh an locht sin air.

Tá mé ag foilsiú litríochta sa teanga le deich mbliana anuas, ach san am chéanna is é an tuairim atá ag aibiú agam ná nach í an easpa lónléitheoireachta an fhadhb is mó. Déarfainn go bhfuil cuid mhaith leabhar scríofa ann ach amháin nach n-aithnítear mar dhea-leabhair iad agus nach n-athfhoilsítear iad. Thiar sna nóchaidí, nuair nach raibh ionam ach foghlaimeoir, fuair mé mar bhronntanas ó chairde in Éirinn dhá leabhar le Seán Ó Mulláin: de réir chosúlachta bhí sraith iomlán cumtha ag an scríbhneoir áirithe seo faoi eachtraí na Rianach - teaghlach Éireannach i ré na bPéindlíthe mar a tuigeadh dom - agus bhain an dá úrscéal seo leis an tsraith úd. Eachtraí i stíl Alexandre Dumas a bhí ann, agus an claíomh á bhagairt ó leathanach go leathanach - ní raibh na scéalta leadránach ar aon nós. Sin é an bhreith a thug Alan Titley féin orthu sa mhonagraf mhór faoi na úrscéalta Gaeilge a tháinig óna pheann fadó. Maidir le feabhas na teanga, tá a fhios agaibh chomh dian is a bhím i gcúrsaí na stíle agus na gramadaí - agus na comhréire ach go háirithe - ach ní raibh mé féin ábalta mórán loicht a fháil ar chaighdeán na Gaeilge sna leabhair seo.

Ba é an teach foilsitheoireachta úd FNT - Foilseacháin Náisiúnta Teoranta - a chuir na húrscéalta seo i bprionta. Tá an comhlacht sin féin ar shlí na fírinne leis na scórtha bliain ó shin ach bhí seanstoc de chuid FNT ar fáil sna siopaí leabhar ar fud na hÉireann chomh déanach le deich mbliana ó shin. Mar a thuigim an scéal bhí clú an náisiúnachais ar an ngnólacht, agus is dóigh liom gur cúis é sin le chomh hiomlán is a ligeadh éacht foilsitheoireachta FNT i ndearmad, ionas nach bhfuiltear sásta na leabhair sin a chur in athchló. Is dócha go síltear go bhfuil teachtaireacht idé-eolaíoch iontu a chuirfeadh míchompord ar lucht ár gcomhaimsire. Mé féin áfach ní bhuairfinn mo chloigeann faoi sin.

Go bhfios dom ba é FNT a chuir an chéad eagrán de Mháire Nic Artáin i gcló fosta. Ba mhór an t-athaimsiú é Máire Nic Artáin nuair a d'fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht in athuair é faoi dheireadh na nóchaidí. Caithfidh mé a admháil nach raibh mé féin cinnte faoi fheabhas an leabhair nuair a chonaic mé an chéad uair é, ach ansin fuair mé amach gur dea-Ghaeilge amach is amach a bhí ann gan aon fhocal a rá i dtaobh chomh dúisitheach is a bhí an scéal. Dáiríribh chuir sé úrscéalta Joan Lingard faoi Kevin agus Sadie i gcuimhne dom - ar ndóigh tá na leabhair sin ar fáil as Fionlainnis agus bhí nuair a bhí mé féin i mo dhéagóir - agus nuair a chuala mé go bhfuiltear ag léamh Mháire Nic Artáin i scoileanna Éireannacha ba ola ar mo chroí é: leabhar chomh suimiúil chomh dea-scríofa, agus cé nach cainteoir dúchais a bhí san údar bhí máistreacht as an ngnáth sroichte aige sa teanga nuair a bhreac sé síos an saothar sin.

Friday, February 01, 2019

Lá 'le Bríde Sona! (note the s- without séimhiú)

It is again the First of February, also known as Lá Fhéile Bríde, or Lá 'le Bríde. Note that the correct way to wish a good Lá 'le Bríde is to use the MASCULINE form of the adjective, because the noun lá = day is masculine nominative. The fact that there is a lot of stuff between the noun and the adjective does not change anything about that.

So, this is correct:

LÁ 'LE BRÍDE SONA DUIT (to one person)
LÁ 'LE BRÍDE SONA DAOIBH (to several persons)

Sunday, January 06, 2019

Ciclipéid na Réalteolaíochta: Córas héilealárnach - Doimhneacht optúil


Córas héilealárnach a thugtar ar an tuiscint go bhfuil na pláinéid agus réadanna beaga eile an Ghrianchórais ag fithisiú na Gréine – d'fhéadfá ”córas grianlárnach” a thabhairt uirthi chomh maith. Rith an smaoineamh seo le réalteolaithe sean-Ghréagacha féin. An chéad duine acu a raibh tuiscint héilealárnach aige ar an nGrianchóras ba é Aristarchus ó Samos é. Ina dhiaidh sin, áfach, fuair an tuiscint gheolárnach (an tuiscint a chuir an Domhan i lárphointe na hollchruinne) an lámh in uachtar go ceann na gcéadta bliain, cé go raibh réalteolaithe áirithe fonnmhar locht a fháil air.

An leagan den gheolárnachas a bhí i bhfeidhm san am, is gnách córas Tholamaeis a thabhairt air. Ba é Claudius Ptolamaeus, nó Tolamaes mar a thugaimid air as Gaeilge, a d'fhág a ainm ar an gcóras sin. Mhair Tolamaes i gCathair Alastair (Alexandria) san Éigipt sa dara haois i ndiaidh bhreith Chríost. Saoránach Rómhánach a bhí ann, ach mar ba ghnách i gcúigí oirthearacha Impireacht na Róimhe, ba í an Ghréigis teanga a chuid scríbhinní.

Ba é an Polannach Mikołaj Kopernik, nó Nicolaus Copernicus as Laidin, a d'athbheoigh an córas héilealárnach sa bhliain 1514 leis an tráchtas beag úd Commentariolus. Nuair a bhí a shaol ag druidim chun deiridh, bhí sé ag obair ar shaothar eile, De revolutionibus orbium coelestium (”Faoi imrothluithe na reann neimhe”), a chuaigh i gcló faoin am a fuair sé bás, sa bhliain 1543.

Is minic a shíltear go raibh ar Chopernicus a thuiscint ar struchtúr an ghrianchórais a chosaint ar an Eaglais Chaitliceach nó go raibh an Eaglais go tréan in aghaidh an héilealárnachais. Ní mar a shíltear a bhítear, áfach. Bhí Copernicus na scórtha bliain ag déanamh créafóige nuair a chuaigh an Eaglais chun cogaidh ar an héilealárnachas, agus ba é an tIodálach Galileo Galilei ba mhó a bhí thíos leis.

Bhí Galilei ina cheannródaí ag baint úsáide as an teileascóp le breathnuithe réalteolaíocha a dhéanamh, agus sa bhliain 1610 d'fhoilsigh sé saothar beag eolaíochta ina ndearna sé cur síos ar a raibh feicthe aige, Sidereus Nuncius nó ”Teachtaire na Réaltaí”. Bhí sé tar éis ceithre shatailít a aithint ag Iúpatar, agus breathnuithe déanta aige ar an nGealach s'againn féin: chonaic sé cuid mhaith cráitéar agus gnéithe tír-raoin eile uirthi fosta.

Bhain Galilei an chonclúid as an iomlán go raibh an Ghealach agus na pláinéid déanta as damhna den chineál chéanna agus an Domhan féin. Go nuige sin ba é tuiscint na n-eolaithe clasaiceacha cosúil le Tolamaes agus Arastótal go raibh na réaltaí agus na pláinéid déanta as an ”gcúigiú dúil” nach raibh gaolmhar le ceithre dhúile an Domhain (is é sin, an t-uisce, an tine, an talamh agus an t-aer, de réir mar a thuig eolaithe na seanársaíochta an scéal) agus go raibh siad foirfe, gan cháim gan locht, cosúil le Dia féin. Bhréagnaigh breathnuithe Galilei an tuiscint seo, agus ba é sin an phríomhchúis leis an dóigh ar chaith an Eaglais le Galilei. Ní raibh an Eaglais ag cur in aghaidh an héilealárnachais mar ghléas matamaitice le gluaiseachtaí na réadanna neimhe a áireamh – ba é an phríomhfhadhb ná gur spreag an héilealárnachas Galilei chun smaointí eiriceacha eile. Rud eile fós go raibh pearsana an Bhíobla ag tagairt do ghluaiseachtaí na Gréine, ar nós éirí agus luí na Gréine, agus mar sin ba é tuiscint an Bhíobla, dar leis na diagairí, gurbh í an Ghrian a bhí ag gluaiseacht seachas a mhalairt.

Ní hionann sin is a rá nach mbeadh réalteolaithe de chuid na hEaglaise – na réalteolaithe Íosánacha ach go háirithe – tar éis a thabhairt faoi deara go raibh fadhbanna ag roinnt le córas Tholamaeis. Ní raibh siad sásta glacadh leis an Domhan mar rinn neimhe i measc a leithéidí eile agus é ag gluaiseacht, áfach. Bhí siad claonta chun tacaíocht a thabhairt do chóras Tycho Brahe: sa tsamhail sin bhí an Ghrian ag dul timpeall an Domhain agus na pláinéid ag fithisiú na Gréine.

Chaith Galilei deireadh a shaoil faoi bhraighdeanas baile, ach má chaith, mhair an héilealárnachas ag dul chun cinn. Ba é an Gearmánach Johannes Kepler ba mhó a d'fhorbair an teoiric sa tseachtú haois déag. Ceannródaí a bhí in Kepler ar bhealaí eile fosta: eisean a d'aithin roimh aon duine nach ciorcail fhoirfe iad fithisí na bpláinéad. D'fhoilsigh sé téacsleabhar réalteolaíochta faoin teideal Epitome astronomiae Copernicanae (”Gearrinsint ar réalteolaíocht Copernicus”) timpeall na bliana 1620.

Nuair a bhí an seachtú haois déag ag druidim chun deiridh, tháinig an chéad eagrán de mhórshaothar Isaac Newton, Philosophiae naturalis principia mathematica (”Prionsabail mhatamaiticeacha na fealsúnachta nádurtha”), i gcló – Principia, mar is gnách a thabhairt air. Glactar leis go forleathan gurbh é Principia an saothar réabhlóideach eolaíochta a chuir tús leis an bhfisic agus leis an réalteolaíocht i gciall an lae inniu. Cuid den réabhlóid ab ea an héilealárnachas. Faoi thionchar shaothar Newton chuaigh an Eaglais féin le héilealárnachas i rith na hochtú haoise déag, cé gur mhair an cosc ar shaothar Galilei i bhfad ina dhiaidh sin féin.

Córas meiniscis – Tugtar córas meiniscis ar dhearadh áirithe teileascóip ina gcuirtear lionsa meiniscis (lionsa atá cuasach ar thaobh amháin, dronnach ar an taobh eile) os comhair an réadscátháin le hiomraill an scátháin a cheartú. Ba é an t-optaiceoir Rúiseach Dmitry Maksutov a chéadcheap an córas meiniscis, agus mar sin is gnách teileascóp Maksutov a thabhairt ar an gcóras freisin.

Córas pláinéadach a thugtar ar na pláinéid atá ag dul timpeall ar réalta áirithe, agus iad á gceangal den réalta sin ag an imtharraingt. Go dtí le déanaí, bhí ár gcóras féin ar an t-aon chóras pláinéadach amháin a raibh aithne ag an gcine daonna air, ach sa bhliain 1992 chuir na réalteolaithe sonrú i dtrí phláinéad timpeall ar neodrónréalta áirithe atá suite i réaltbhuíon na Maighdine. Fuair na pláinéid seo na hainmneacha Draugr, Phobetor, agus Poltergeist. Inniu, tá na réalteolaithe an-díograiseach faoi na córais phláinéadacha amuigh sa chianspás, agus na céadta eiseapláinéid fionnta acu cheana féin, mar a thugtar ar na pláinéid i gcórais phláinéadacha eile.

Córas réaltach a thugtar ar réaltaí atá ceangailte dá chéile ag an imtharraingt agus iad ag fithisiú a chéile – is é sin, is córais réaltacha iad na déréaltaí is na hilréaltaí. Tá sé tábhachtach na fíor-chórais réaltacha a dhealú ó na cinn optúla. Na dé- agus na hilréaltaí optúla, is éard atá i gceist leosan ná réaltaí nach bhfuil siad ach suite ar aon líne ón Domhan, ionas go bhfeicimid in aice le chéile iad, cé nach bhfuil siad in aon chóngar dá chéile.

Córas Tholamaeis a thugtar ar an tuiscint gheolárnach ar struchtúr an ghrianchórais agus na hollchruinne – is é sin, an tuiscint a chuireas an Domhan sa lárphointe. Fuair an córas a ainm ó Claudius Ptolemaeus, nó Tolamaes, a chaighdeánaigh an geolárnachas sa dara haois i ndiaidh bhreith Chríost.

Cheap Tolamaes a chóras le gluaiseachtaí na reann neimhe a áireamh roimh ré – le huruithe Gréine agus Gealaí a thairngreacht, abair. Mar sin, fuair sé riachtanach córas an-chasta matamaitice a chur i dtoll le chéile. Coincheapanna tábhachtacha sa chóras iad an ciorcal iompair agus an t-eipiciogal. Go bunúsach, shíl Tolamaes agus na matamaiticeoirí réalteolaíocha roimh a lá féin go raibh gach pláinéad ag timpeallú pointe áirithe réasúnta gar don phláinéad féin – ba é an fhithis seo an t-eipiciogal. Ach ansin bhí an t-eipiciogal féin ag dul timpeall an Domhain ar chonair ar a dtugtaí an ciorcal iompair. Ghlac Tolamaes leis an tuiscint seo óna chuid réamhtheachtairí agus chuir sé a chasadh féin inti. Feabhsú ab ea a leagan féin den chóras ar ar tháinig roimhesean, agus mar sin d'fhan a chóras in úsáid ar feadh na gcéadta bliain.

Bhí Tolamaes ar na daoine ba léannta lena linn féin, agus níor theorannaigh sé é féin don réalteolaíocht agus don astralaíocht: chum sé tráchtas tábhachtach tíreolaíochta freisin, mar shampla. Cé go raibh a chóras réalteolaíoch bun os cionn le tuiscint an lae inniu, tá cuid dá obair beo inniu féin, ó rinne sé cion fir ag léarscáiliú na spéire freisin.

Sna laethanta a bhí, ba ghnách leis na healaíontóirí coróin a tharraingt ar chloigeann Tholamaeis sna pictiúirí a rinne siad de, ó ba eisean ”rí na réalteolaíochta”.

Córas Tycho a thugtar ar an gcomhréiteach idir córas Copernicus agus córas Tholamaeis a rith leis an réalteolaí Danmhargach Tycho (Tyge) Brahe. Ba é barúil Tycho go raibh cuid den cheart ag Copernicus agus cuid ag Tolamaes: ní chreidfeadh sé go bhféadfadh an Domhan gluaiseacht ar bith a dhéanamh, chomh támh trom is a bhí sé, ach san am chéanna ba léir dó go raibh Copernicus in ann gluaiseachtaí na bpláinéad a léiriú ní b'fhearr ná Tolamaes. Ba é a theoiricsean go raibh na pláinéid ag fithisiú na Gréine, agus an Ghrian ag fithisiú an Domhain.

Córas UBV – Córas é an córas UBV (ultraviolet – blue – visible, ultraivialait – gorm – infheicthe) a úsáidtear le réaltaí a aicmiú de réir a méide dealraithí. Is éard a dhéantar ná méid, nó gile, na réalta a thomhas de réir na radaíochta ultravialait, an tsolais ghoirm agus an tsolais infheicthe go léir, agus is é meán na luachanna seo a thugas méid na réalta de réir an chórais áirithe seo.

Córas uilleach a thugtar ar an leagan forbartha de chóras Cassegrain. Sa chóras seo tá an súil-lionsa ar thaobh an teileascóip, agus réimse an-chúng radhairc ann.

Cor Caroli Croí Shéarlais a thugtar ar Alpha Canum Venaticorum, is é sin, an réalta is gile i réaltbhuíon na Madraí Fiaigh. Déréalta í Alpha Canum Venaticorum, ach is é moladh Aontas Idirnáisiúnta na Réalteolaíochta gan ”Cor Caroli” a thabhairt ach ar an gceann is gile den dá chomhbhall sa déréalta. Is fathachréalta í an réalta sin, agus í tuairim is céad oiread chomh geal agus an Ghrian, cé nach bhfuil ach mais na Gréine méadaithe faoi thrí inti. Tá Cor Caroli suite faoi chéad is cúig solasbhliana déag dínn.

Fuair an réalta a hainm ón Rí Séarlas a hAon de mhuintir na Stíobhartach. Ba é Francis Lamb, thiar sa bhliain 1673, a bhaist Cor Caroli Regis Martyris – ”Croí Shéarlais, an Rí agus an Mhairtírigh” – ar an réalta ina réaltmhapa féin. Is minic a shíltear, áfach, gurbh é Edmund Halley a d'ainmnigh as Séarlas a Dó é.

Coróin a thugtar ar an scamall plasma timpeall na Gréine, agus é ag sroicheadh na milliúin ciliméadair amach sa spás. Bíonn an choróin le feiceáil le linn urú iomlán na Gréine. Tá an choróin i bhfad níos teo ná dromchla na Gréine, agus í scartha ó fhótaisféar na Gréine ag an gcrómaisféar.

Coróin an Deiscirt atá ar an réaltbhuíon idir an Saighdeoir, an Scairp, an Teileascóp agus an Altóir. Cé go dtugtar ”coróin” uirthi, tá sí níos cosúla le crú capaill. Fuair sí a hainm ó Choróin an Tuaiscirt, ó tá an dá réaltbhuíon réasúnta cosúil le chéile. Ba é Claudius Tolamaes a bhaist an bheirt acu ina chuid scríbhinní réalteolaíochta.

Is í Alphecca Meridiana, nó Meridiana, nó Alpha Coronae Australis (nó Alpha Coronae Austrinae) an réalta is gile i gCoróin an Deiscirt. A-réalta í Alphecca Meridiana, agus í breis is dhá oiread chomh mór leis an nGrian ó thaobh an trastomhais is na maise de; san am chéanna tá sí tuairim is tríocha oiread níos lonrúlaan Ghrian. Is í an ghné is suntasaí di ná go bhfuil sí ag rothlú ar a hais go han-sciobtha. Tá an radaíocht infridhearg as Alphecca Meridiana as pabhar láidir, rud a thugas le fios go bhfuil fáinne dusta timpeall na réalta.

Coróin an Tuaiscirt a thugtar ar an réaltbhuíon idir Earcail, an tAoire agus Ceann na Péiste. Tugtar Alphecca, Alphekka, Gemma nó An tSeoid ar an réalta is gile i gCoróin an Tuaiscirt – Alpha Coronae Borealis an t-ainm de réir chóras Bayer. Tá Coróin an Tuaiscirt, nó astaireacht na réaltaí is gile inti, cosúil le crú capaill, díreach ar nós Choróin an Deiscirt, agus is ó Choróin an Tuaiscirt a fuair Coróin an Deiscirt a hainm. Ceann de na sean-réaltbhuíonta traidisiúnta í Coróin an Tuaiscirt, nó luaitear i scríbhinní réalteolaíochta Tholamaeis féin í.

Déréalta uraitheach í Alpha Coronae Borealis, is é sin tagann an coimhdire go tráthrialta idir sinn agus an phríomhréalta, rud a aithnítear mar íosmhéid solais in athruithe ghile na déréalta. A-réalta the bhán í an phríomhréalta, agus í cúpla oiread níos téagartha ná an Ghrian s'againn. Tá sí ceithre oiread déag is trí scór níos lonrúla ná an Ghrian, cé nach n-áirítear ar na fathachréaltaí í, ach ar an bpríomhsheicheamh. Maidir leis an gcomhbhall beag, is réalta G-aicme é cosúil leis an nGrian, beagáinín níos lú ná í ó thaobh na maise de. Tá Alphecca suite faoi chúig solasbhliana déag is trí scór dár ngrianchóras.

Coróiniam – Thiar sa naoú haois déag bhí an teoiric ag eolaithe áirithe go raibh dúil cheimiceach nua ar fáil i gcoróin na Gréine. Is é an t-ainm a cheap duine acu – an Rúiseach Dmitry Mendeleyev (an fear céanna a chéadcheap tábla peiriadach na ndúl) don dúil seo ná coróiniam nó niútainiam (tagairt do shloinne Isaac Newton a bhí i gceist leis an dara hainm a mhol sé, ar ndóigh). Bhí an teoiric seo bunaithe ar an speictreascópacht, nó bhí líne aitheanta ag na heolaithe ar speictream na Gréine nach raibh siad in ann a athchruthú sa tsaotharlann agus nach raibh cosúil le línte speictreacha na ndúl aitheanta. Mar sin shíl siad go raibh dúil nua i gceist.

Mar a fuarthas amach ina dhiaidh sin áfach ba é an t-iarann ba chúis leis an líne – ian iarainn a raibh lucht deimhneach trí aonad déag aige (is é sin adamh iarainn a thug uaidh trí leictreon déag). Ní dual don iarann a leithéid d'ian a dhéanamh faoi imthoscaí an Domhain, agus mar sin ní raibh taithí ag na heolaithe air: na hiain iarainn a bhíos le fáil i gcomhdhúile iarainn a bhfuil aithne againn orthu níl ach lucht deimhneach dhá nó trí aonad acu, agus rachadh sé rite leat ian Fe13+ a chruthú sa tsaotharlann.

Corónagraf a thugtar ar ghléas a chuirtear os comhair an teileascóip le diosca na Gréine a dhorchú, ionas gur féidir leis na heolaithe breathnuithe a dhéanamh ar choróin na Gréine nó ar an gcuid den spéir atá timpeall na Gréine.

An Chorr Grus a thugtar ar an réaltbhuíon idir an tIndiach, an Túcán, an Micreascóp, Iasc an Deiscirt, an Dealbhóir, agus an Féinics. Ceann d'”Éanacha an Deiscirt” í an Chorr, mar a deirtear; is iad an Túcán, an Féinics, agus an Phéacóg na ”héanacha” eile. Ba é an réalteolaí Pléimeannach Petrus Plancius (nó Pieter Platevoet), thiar faoi dheireadh na séú haoise déag, a shainaithin an Chorr mar réaltbhuíon ar leith. Roimhe sin ba ghnách dearcadh uirthi mar chuid d'Iasc an Deiscirt.

Is é Alnair nó Alpha Gruis an réalta is gile sa réaltbhuíon seo. Réalta phríomhsheichimh é, ach cosúil le Sirius tá sé an-te, an-lonrúil, cé nach bhfuil sé ach ceithre oiread chomh mór leis an nGrian. Le fírinne chomh lonrúil is atá sé is féidir go bhfuil sé díreach leis an bpríomhsheicheamh a fhágáil ina dhiaidh le hiompú ina fhathachréalta. Tá sé deich n-oiread chomh lonrúil le Sirius féin.

ALNAIR AGUS SIRIUS Á gCUR I gCOMPARÁID
Réalta Trastomhas (1 = trastomhas na Gréine) Mais (1 = mais na Gréine) Aicme speictreach Lonrachas (1 = lonrachas na Gréine) Méid dhealraitheach Fad ón Domhan
Alnair (Alpha Gruis) 3.4 4.0 B 263 +1.74 céad agus aon solasbhliain amháin (aon pharsoic déag agus fiche)
Sirius A (Alpha Canis Majoris A, príomh-chomhbhall na déréalta) 1.7 2.0 A 25 -1.47 ocht solasbhliana agus sé dheichiú cuid (dhá pharsoic agus sé dheichiú cuid)

Maidir le Beta Gruis, is fathachréalta dhearg í nach bhfuil mórán rudaí suimiúla le rá fúithi: níl sí ach dhá oiread is ceithre dheichiú cuid chomh trom téagartha leis an nGrian, ach tá sí dhá mhíle is cúig chéad oiread níos lonrúla. Réalta M-aicme í.

Gamma Gruis arís, is fathachréalta í fosta ach is mar B-réalta a aicmítear í – is é sin, ar an dara aicme speictreach is teo. Radaíocht ultraivialait is mó a astaíos sí, ach tá sí lonrúil go maith ó thaobh an tsolais infheicthe chomh maith – tuairim is trí chéad is nócha oiread chomh lonrúil leis an nGrian. Réalta bhánghorm í, ar ndóigh.

Corraíl – Glacaimis leis go bhfuil córas dhá rinn neimhe againn, agus ceann acu ag dul timpeall an chinn eile – is maith an sampla iad an Domhan agus an Ghealach, ar ndóigh. Tugtar corraíl ar an dóigh a gcuireann fórsaí eile seachas imtharraingt an Domhain (an phríomhúlaigh) isteach ar ghluaiseacht na Gealaí (na satailíte), ansin. Is féidir le himtharraingt na Gréine, mar shampla, corraíl a spreagadh i bhfithis na Gealaí; maidir leis na pláinéid, is léir go mbíonn siad ina gcúis corraíola ag a chéile. An té a chaitheas súil ar chóras na satailítí timpeall ar Iúpatar, tuigfear dó ar an toirt gur féidir leo corraíl a tharraingt ar a chéile.

Corrán an Leoin a thugtar ar astaireacht na réaltaí seo a léanas: Epsilon Leonis, Mu Leonis, Zeta Leonis, Gamma Leonis, Eta Leonis, agus Alpha Leonis. Mar is léir ón ainm, tá sí ar dhéanamh an chorráin, agus is cuid de réaltbhuíon an Leoin í.

Cosmagnaíocht a thugtar ar an gcraobh réalteolaíochta atá dírithe ar bhunús na hollchruinne a thuiscint agus ar theoiricí a fhorbairt le breith na hollchruinne a mhíniú. Is í teoiric na hOllphléisce an múnla cosmagnaíochta is tábhachtaí i réalteolaíocht an lae inniu.

Cosmeolaíocht a thugtar ar an gcraobh réalteolaíochta atá dírithe ar fhás, forbairt agus todhchaí na hollchruinne a thuiscint agus na dlíthe nádúrtha a stiúras an fhorbairt sin a thaighde, a mhapáil agus a oibriú amach.

Cothromaíocht radantach atá i gceist nuair atá córas dúnta de choirp againn, agus gach corp acu ag tabhairt uaidh an fhuinnimh chéanna mar radaíocht agus atá sé a ghlacadh chuige – is é sin, is ionann an radaíocht astaithe agus an radaíocht ionsúite.

Cothromóid Kepler – Is í cothromóid Kepler ná:

M = E – e sin E

inarb ionann:
  • M agus an mheán-aimhrialtacht;
  • E agus an aimhrialtacht éalárnach;
  • e agus an éalárnacht.

Seasann sin don tsíneas, ar ceann de na feidhmeanna triantánúla é.

Ba é an réalteolaí Gearmánach Johannes Kepler (1571-1630) ba thúisce a d'fhoilsigh an chothromóid seo. Gléas matamaitice atá inti ar bhain sé úsáid as agus é ag oibriú amach na ndlíthe nádúrtha a stiúras gluaiseachtaí na bpláinéad, nó dlíthe Kepler mar a thugtar orthu.

Cráitéar – Go bunúsach is éard is cráitéar ann ná poll mór sa talamh. Sa réalteolaíocht is iad na cráitéir dhreigíte is tábhachtaí, is é sin, cráitéir a cruthaíodh nuair a bhuail dreigít faoi dhromchla an phláinéid nó na gealaí. Ar ndóigh tá cráitéir bholcánacha ann chomh maith – is é an cráitéar an poll as a dtagann laibhe, deatach agus dusta, fad is a fhanas an bolcán beo.

Crapadh Kelvin crapadh Kelvin-Helmholtz a thugtar ar an dóigh a gcrapann an scamall gáis chuige faoi thionchar a imtharraingthe féin. San am chéanna tá an scamall ag cailleadh fuinnimh mar theas.

Fuair an crapadh a ainm ó William Thomson (tiarna Kelvin) agus ó Hermann Helmholtz.

Crapadh Lorentz-Fitzgerald a thugtar ar chrapadh coibhneasaíoch an fhaid. Go bunúsach, is éard a deir teoiric coibhneasaíochta Albert Einstein ná gur tairiseach (is é sin uimhir dhearbh dho-athraithe) é luas an tsolais san fholús, nó c, agus go gcaithfidh na hairíonna fisiceacha géilleadh don tairiseach seo. Toradh don ghéilleadh seo é crapadh Lorentz-Fitzgerald. An spásbhád atá á luasghéarú i dtreo luas an tsolais, tá sí ag dul i ngiorracht, mar a fheictear don bhreathnóir atá suite socair – rud nach n-aithníonn siad siúd, áfach, atá ag taisteal ar bhord an spásbháid.

Ní mór cuimhne a choinneáil air nach bhfuil aon rud ná réad ”suite socair” de réir theoiric na coibhneasaíochta, ach amháin i gcoibhneas ruda eile. Mar sin, nuair a dúradh thíos go bhfuil an breathnóir ”suite socair”, is ionann sin is a rá go bhfuil sé suite socair i gcóras comhordanáidí ina bhfuil an réad eile ag gluaiseacht leis agus a luas ag teacht i gcóngar do luas an tsolais.

Fuair crapadh Lorentz-Fitzgerald a ainm ón bhfisiceoir Ollannach Hendrik Lorentz agus ón Ollamh Éireannach George Francis Fitzgerald (nó Seoirse Proinsias Mac Gearailt, más fearr leat an leagan sin).

Crios Oiríon an Bhanlámh, an tSlat is an Bhanlámh, nó Slat an Rí, nó Slat an Cheannaí, nó an Fhearsaid, nó Slat an Bhodaigh a thugtar ar an astaireacht trí réalta atá i lár an Bhodaigh – más mar fhear armtha a shamlaítear an réaltbhuíon, is iad crios an tsaighdiúra sin iad. Is iad ainmneacha na réaltaí seo ná Alnitak, Alnilam, agus Mintaka, agus is fathachréaltaí teo gorma nó gormbhána iad. Cé go bhfuil siad ar réaltaí geala na spéire, tá trí réalta is gile ná iad féin sa réaltbhuíon chéanna, mar atá, Betelgeuse, Rigel, agus Bellatrix.

Ilréaltaí iad Alnitak agus Mintaka. Maidir le hAlnilam, dealraíonn sé nach bhfuil coimhdire ar bith aici.


Ainm traidisiúnta Alnilam Alnitak Mintaka
Ainm de réir chóras Bayer Epsilon Orionis Zeta Orionis Delta Orionis
Aicme speictreach B (ollfhathach gorm) O (ollfhathach gorm) – an phríomhréalta; B-réaltaí iad an dá chomhbhall eile O (ollfhathach gorm) – an phríomhréalta; B-réaltaí iad na trí cinn is mó de na comhbhaill
Fad ón Domhan Tuairim is dhá mhíle solasbhliain Tuairim is 1,260 solasbhliain (luach an-mhíchruinn!) Tuairim is míle agus dhá chéad solasbhliain
Mais i gcomparáid leis an nGrian 30-65 oiread 23-43 oiread (an phríomhréalta), 11-17 n-oiread (an ceann is mó den dá chomhbhall eile) 24 oiread (an phríomhréalta), 8.4 + 22.5 + 9 n-oiread (na trí cinn is mó de na comhbhaill eile)
Lonrachas i gcomparáid leis an nGrian Ocht gcéad tríocha míle oiread Dhá chéad caoga míle oiread (an phríomhréalta), tríocha dhá mhíle oiread (an ceann is mó den dá chomhbhall eile) Céad is nócha míle oiread (an phríomhréalta; níl na comhbhaill eile in aon chóngar do bheith chomh lonrúil)
Ga (nó trastomhas) i gcomparáid leis an nGrian Dhá oiread is dhá scór Fiche oiread (an phríomhréalta), seacht n-oiread (an ceann is mó den dá chomhbhall eile) 16.5 oiread (an phríomhréalta), 6.5 oiread, 10.4 oiread, 5.7 oiread (na comhbhaill eile)
Dearbhmhéid -6.95 -6.0/-3.9/-4.1 -5.8 (go hiomlán), -5.4 (an phríomhréalta)
Méid dhealraitheach 1.69 1.77 (an trí chomhbhall in éineacht) 2.23 (na comhbhaill go léir in éineacht)

Crios ózóin ózónaisféar a thugtar ar an gciseal i strataisféar an Domhain a neodraíos an chuid is mó den radaíocht ultraivialait ón nGrian. In íochtar an strataisféir is mó atá an tiúchan ózóin.

Is éard atá san ózón ná allatróp trí-adamhach na hocsaigine. Dhá adamh atá i móilín na gnáthocsaigine, nó O2; is é O3 foirmle cheimiceach an ózóin. Níl an móilín ózóin róchobhsaí, nó is dual dó titim as a chéile agus gnáthocsaigin a dhéanamh, agus sin de phléasc; mar sin is ar éigean is féidir ózón a aonrú ón ngnáthocsaigin. San ózónaisféar féin ní sháraíonn tiúchan an ózóin 10 gcuid sa mhilliún.

Tá buaireamh ar an gcine daonna le fada faoin dochar atá sna clórafluaracarbóin agus sna brómafluaracarbóin don chrios ózóin. Comhdhúile iad seo atá cosúil leis na hiodracarbóin ach amháin go bhfuil adaimh chlóirín, fluairín nó bróimín curtha in áit na n-adamh hidrigine sa struchtúr móilíneach acu. Is éard is cúis leis an dochar atá sna substaintí seo ná go bhfuil siad chomh cobhsaí is gur féidir leis na móilíní a mbealach a dhéanamh a fhad leis an strataisféar, ach nuair a shroichfeas siad an strataisféar titfidh siad as a chéile agus an radaíocht ultraivialait ag dul i bhfeidhm orthu. Ansin a scaoiltear saor adaimh aonair, agus cuireann na saorfhréamha seo isteach ar an timthriall gnáthocsaigine-ózóin a stopas an radaíocht ultraivialait.

Inniu tá stáit an Domhain go léir tar éis conradh a shíniú faoi chosc ar úsáid na gclórafluaracarbón, agus dealraíonn sé go bhfuil an strataisféar ag teacht chuige féin arís i ndiaidh an dochair a rinne na comhdhúile seo. Ba nós, tráth den tsaol, iad a úsáid sna múchtóirí agus, mar thiomantáin, sna cannaí aerasóil.

Crios radaíochta crios Van Allen a thugtar ar cheann den dá chrios cáithníní luchtaithe timpeall ar an Domhan agus iad ar dhéanamh an toróidigh (cineál fáinne é an toróideach). Leictreoin agus prótóin is mó atá i gceist, agus iad á gceapadh ag réimse maighnéadach ár bpláinéid. An chuid is mó de na cáithníní seo is cuid den ghrianghaoth iad, agus an chuid eile ag baint leis an radaíocht chosmach. Bíonn athruithe na grianghaoithe ag dul i bhfeidhm ar na creasanna radaíochta, agus uaireanta cruthaítear crios breise a mhaireas tráth.

Fuair na creasanna a n-ainm ó James Van Allen, an t-eolaí Meiriceánach a chuir an chéad sonrú iontu. Bhí sé ina cheannródaí ag baint úsáide as gléasra ar bhord satailítí le taighde a dhéanamh ar mhaighnéadsféar an Domhain.

Croí carraigeach –croí carraigeach ag na mórphláinéid úd Iúpatar, Satarn, Úránas agus Neiptiún, cé go bhfuil an chuid eile den phláinéad comhdhéanta as gás (na gásfhathaigh, arb iad Iúpatar agus Satarn iad) nó as oighear (na hoighearfhathaigh, arb iad Úránas agus Neiptiún iad).

Cróimiam a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a 24, agus is é Cr an tsiombail don chróimiam sna foirmlí ceimiceacha. Ceann de na miotail trasdultacha é an cróimiam. Miotal lonrúil sobhriste atá ann a dtagann smúid ocsaíde air agus ocsaigin an atmaisféir ag dul i bhfeidhm air. Tá ainm an chróimiam bunaithe ar an bhfocal Gréigise a chiallaíos ”dath”, toisc go mbíonn dath láidir sna dúile cróimiam. Tá a lán staideanna ocsaídiúcháin ag an gcróimiam ina chuid comhdhúl, agus dathanna éagsúla sna comhdhúile, go háirithe má thuaslagtar san uisce iad.

Seo comhdhúile áirithe de chuid an chróimiam:

Foirmle cheimiceach Ainm Uimhir ocsaídiúcháin
CrCl3 Clóiríd chróimiam (tríchlóiríd chróimiam) +3
Tá dath corcra sa chlóiríd chróimiam nuair atá sí saor ó uisce. Déanann sé criostail in éineacht le huisce, ionas go bhfuil sé mhóilín uisce ann in aghaidh gach adamh cróimiam. San fhoirm seo tá dath uaine ann, agus is é seo an cineál clóiríd chróimiam is féidir a cheannach. Úsáidtear mar chatalaíoch í, is é sin le luas a chur le himoibriúcháin cheimiceacha áirithe. Níl sé in aon chóngar do bheith chomh dainséarach don duine le comhdhúile áirithe eile de chuid an chróimiam, ach is gnách dearcadh air mar shubstaint urchóideach.
CrO3 Trí-ocsaíd chróimiam, ”aigéad crómach” +6
Tá dath dúchorcra sa tríocsaíd nuair atá sí saor ó uisce, ach má ólann sí uisce chuici tiocfaidh dath geal flannbhuí ann. Is minic a dhíoltar mar ”aigéad crómach” í, ós í ainhidríd an aigéid chrómaigh í, ach dáiríribh ní féidir aigéad crómach a ghineadh tríd an tríocsaíd a thuaslagadh san uisce. Úsáidtear an trí-ocsaíd sa phlátáil. Nimh láidir a spreagas ailse atá inti.
CrCl2 Dé-chlóiríd chróimiam +2
Criostail bhána atá sa dé-chlóiríd nuair atá sí saor ó uisce. Is comhdhúil tais-scópach í áfach, is é sin is dual di uisce a ól chuici, agus leis an uisce tiocfaidh dath uaine inti. Má thuaslagtar san uisce í gheofar tuaslagán gorm nó uaine. Ní úsáidtear dé-chlóiríd chróimiam sa tionsclaíocht, ach is amhábhar do chomhdhúile cróimiam eile í sa tsaotharlann.


Maidir leis an mbaint atá ag an gcróimiam leis an orgánach daonna, braitheann sé ar an staid ocsaídiúcháin chomh maith. Más é +3 an uimhir ocsaídiúcháin, níl mórán urchóide sa chróimiam, ach is nimh láidir agus ábhar ailse é an cróimiam más é +5 an uimhir ocsaídiúcháin.

Is é an meáchan adamhach atá ag an gcróimiam ná 51.996, agus ceithre iseatóp nádúrtha aige: 50Cr (4.35 % de chróimiam an dúlra), 52Cr (83.8 %), 53Cr (9.5 %), 54Cr (2.35 %). Iseatóip chobhsaí iad de réir an dealraimh, cé go bhfuil na fisiceoirí idir dhá chomhairle fós faoin gcéad cheann acu: táthar ag déanamh go dtagann meath radaighníomhach (leictreonghabháil dhúbailte) air, ach má thagann féin, tá an leathré chomh fada is gur féidir beag is fiú a dhéanamh dá radaighníomhaíocht. Na hiseatóip radaighníomhacha eile atá ag an gcróimiam, is iseatóip shaorga de dhéantús na saotharlainne iad.

Is í an chróimít (ocsaíd an chróimiam agus an iarainn, FeCr2O4) an mianach cróimiam is tábhachtaí, agus is as an Afraic Theas agus as an gCasacstáin a thagas an chuid is mó den chróimiam. Úsáidtear an cróimiam mar chómhiotal – is é sin cuirtear le hiarann é le cruach dhosmálta a dhéanamh – agus i bplátáil.

Crómaisféar a thugtar ar an gciseal in atmaisféar na Gréine atá suite os cionn an fhótaisféir, faoi bhun na corónach. Tá an crómaisféar rósdearg, ach ní féidir é a aithint ná breathnuithe a dhéanamh air ach le linn urú iomlán na gréine. Tá an damhna sa chrómaisféar i bhfad níos scaipthe ná san fhótaisféar gan trácht ar bith a dhéanamh ar atmaisféar an Domhain. Tá an crómaisféar trí mhíle go cúig mhíle ciliméadar ar doimhneacht, agus é ag dul i dteas suas ón nGrian.

Tá an crómaisféar ag astú solais, agus is í an líne speictreach is láidre dá n-astaíonn sé ná Hα, is é sin, an líne a fhreagraíos do thitim an leictreoin ón tríú sceall go dtí an dara sceall san adamh hidrigine. Tá an líne seo 6563 angstram (656.3 nanaiméadar) ar tonnfhad, agus í suite i mbanda an tsolais dheirg – mar sin is í an líne seo is cúis le dath dearg an chrómaisféir.

Cros-aeróg Mills a thugtar ar dhearadh ar leith de radaiteileascóp atá bunaithe ar dhá shraith d'aeróga agus iad ag trasnú a chéile. Tá an dearadh ainmnithe as Bernard Yarnton Mills, an réalteolaí Astrálach a thóg an chéad radaiteileascóp den chineál seo sa bhliain 1954 i mBadgery's Creek, leathchéad ciliméadar ó Sydney.

Cros an Deiscirt a thugtar ar an réaltbhuíon atá suite idir an Ceinteár agus an Chuileog. I ré na sean-Ghréagach bhí Cros an Deiscirt le feiceáil ón nGréig féin, agus ba nós le Tolamaes dearcadh ar réaltaí Chros an Deiscirt mar chuid den Cheinteár. Ina dhiaidh sin, áfach, d'fhág luainíocht na gcónocht dofheicthe ón Eoraip iad, agus ligeadh i ndearmad iad. Ní bhfuair an réaltbhuíon an t-ainm atá uirthi inniu ach i Ré na Fionnachtana, nuair a thosaigh na hEorpaigh ag taisteal go cearnaí cianmhara den Domhan, áit a raibh na réaltaí seo le feiceáil.

Is iad na ceithre réaltaí is gile, Alpha Crucis, Beta Crucis, Gamma Crucis agus Delta Crucis, a thuill a hainm do Chros an Deiscirt: is astaireacht iad a chuirfeadh cros i gcuimhne duit. Na hainmneacha atá ar na réaltaí seo i gcóras Bayer, is gnách iad a ghiorrú go hAcrux, Becrux, Gacrux agus Decrux.

Tríréalta í Acrux agus í suite faoi thrí chéad, aon solasbhliain is fiche ón Domhan. Is féidir dhá chomhbhall a aithint le gléasra cianradhairc. Is B-réaltaí iad, agus iad tuairim is sé oiread déag chomh trom leis an nGrian. Tá gach ceann acu thart ar fiche míle oiread chomh lonrúil léi – an ceann is mó acu, tá sí breis is fiche míle oiread níos lonrúla ná an Ghrian, agus an ceann is lú acu tá sí breis is cúig mhíle oiread déag níos lonrúla ná an Ghrian.

Déréalta í Becrux, nó Mimosa, mar a thugtar uirthi freisin. Déréalta speictreascópach í, is é sin, ní féidir í a aithint mar dhéréalta ach amháin trí anailís a dhéanamh ar a speictream. Tá Becrux suite faoi dhá chéad agus ocht scór solasbhliain dínn. B-réaltaí iad an dá chomhbhall, an ceann is mó acu sé oiread déag chomh téagartha leis an nGrian, an ceann is lú acu deich n-oiread. Tá sé incheaptha go bhfuil comhbhall beag eile ann fós.

Maidir le Gacrux, nó Rubídea mar a thugas lucht labhartha na Portaingéilise uirthi, is fathachréalta dhearg den M-aicme í agus í suite níos cóngaraí dúinn ná aon réalta eile den chineál. Tá sí oiread agus leath, nó dhá oiread, chomh téagartha leis an nGrian, cé go bhfuil sí breis is ceithre scór oiread chomh mór. Mar sin, is fathachréalta í a bhí ina habhac príomhsheichimh tráth, cosúil leis an nGrian féin, agus an chuma ar an scéal go dtiocfaidh an fhorbairt chéanna ar an nGrian i gceann na mílte milliún bliain.

Decrux áfach, is fo-fhathach bánghorm í atá ocht nó naoi n-oiread chomh teagartha leis an nGrian, agus ocht n-oiread chomh mór ó thaobh an trastomhais. Tá sí deich míle oiread chomh lonrúil. Pálida a thugtar ar Decrux i dtíortha na Portaingéilise.

Tá na ceithre réaltaí thuasluaite le feiceáil i mbratach na Brasaíle mar shiombailí do stáit éagsúla de chuid na tíre. Seasann Acrux do São Paulo, siombalaíonn Becrux Rio de Janeiro, is í Gacrux samhailchomhartha Bahía, agus maidir le Decrux, is í siombail Minas Gerais í.

Thairis sin, tá Epsilon Crucis le feiceáil sa bhratach, mar shiombail do stát Espírito Santo. K-réalta í, is é sin, fathachréalta fhlannbhuí agus í suite faoi dhá chéad is tríocha solasbhliain dínn. Cosúil le Gacrux, is iar-réalta phríomhsheichimh í a d'iompaigh ina fathachréalta de réir is mar a d'fhorbair sí.

Réadanna eile i gCros an Deiscirt iad an Gualmhála agus an Bosca Seod. Réaltnéal dorcha é an Gualmhála; réaltbhraisle oscailte atá sa Bhosca Seod.

An Chruinne an Ollchruinne a thugtar ar an spás-am go léir agus gach rud nó réad dá mbaineann leis an spás-am, in éineacht. Creideann formhór mór na n-eolaithe inniu gurbh í an Ollphléasc a chuir tús leis an gCruinne agus leis an spás-am go léir, ach ní hionann sin is a rá nach mbeadh teoiricí eile ann.
  • Tugtar cruinne ascalach ar an teoiric a deir go dtagann Ollbhrúisc i ndiaidh gach Ollphléasc, is é sin, go gcuirfidh comh-imtharraingt na réadanna deireadh le fairsingiú na cruinne, agus go gcrapfaidh an chruinne chuici arís. Sa
    deireadh, tiocfaidh an chéad Ollphléasc eile, agus tosóidh an chruinne ag dul i bhfairsinge arís.
  • Is í an chruinne bhoilscitheach an tuiscint a deir go bhfuil an spás féin ag boilsciú agus ag cailleadh cuaire.
  • Cruinne chéimiúlachta í an chruinne seo againn, ós rud é go bhfuil na struchtúir eagraithe de réir céimiúlachta: tá na cáithníní eagraithe ina n-adaimh, na n-adaimh – ina réaltaí; na réaltaí – ina réaltraí; na réaltraí – ina mbraislí réaltraí; na braislí réaltraí – ina n-ollbhraislí; na hollbhraislí – ina bhfiliméid.
  • Cruinne fhairsingíoch í an chruinne s'againn, ós rud é go bhfuil sí ag dul i bhfairsinge; tá na réaltraí i bhfad amach uainn ag druidim uainn, agus dá fhad amach uainn atá siad is amhlaidh is luaithe atá siad ag druidim uainn.
  • Cruinne fhoisteanach a thugtar ar an teoiric a deir nach athrú ceart é an fairsingiú thuasluaite, ó tá damhna nua ag teacht chun saoil gan stad gan staonadh, agus é ag cothromú an dóigh a bhfuil an damhna á scaipeadh de thoradh an fhairsingiúcháin. Bhí glacadh éigin le teoiric na cruinne foisteanaí sna 1950idí, ach má bhí, tháinig sé chun solais go sciobtha nach raibh sí in ann a lán breathnuithe a mhíniú.
  • Cruinne gheolárnach a thugtar ar an teoiric a deir go bhfuil an Domhan i lárphointe na hollchruinne. Is léir nach bhfuil glacadh ar bith leis an tuiscint seo i measc na n-eolaithe a thuilleadh.
  • Cruinne statach í an ollchruinne nach bhfuil ag dul i bhfairsinge ná ag crupadh chuici. Teoiric thréigthe eile í teoiric na cruinne stataí.

Cruinníní a thugtar ar néalta dorcha gáis agus dusta sa spás, agus réaltaí nua á bhfoirmiú iontu.

Cuadraintídí: Is iad na Cuadraintídí an dreigechith a bhíos á fheiceáil i dtús Mhí Eanáir i réaltbhuíon an Aoire. Fuair an dreigechith seo a ainm ón gCeathramhán Múrach (Quadrans Muralis), sean-réaltbhuíon nach dtugann mapaí spéire an lae inniu aitheantas di a thuilleadh.

Cuaire: Deir teoiric coibhneasaíochta Einstein go gcuireann gach mais an spás-am ina timpeall as a riocht – is é sin, go gcuarann sí é. Cosúil leis sin, is dual do mhais na cruinne go léir an spás-am a chuaradh. A lán de na hiarmhairtí aisteacha a bhaineas leis an teoiric coibhneasaíochta is torthaí don chuaire seo iad.

Cuasár: Giorrúchán ón téarma radafhoinse chuasairéaltach réad cuasairéaltach (radafhoinse réaltchosúil, réad réaltchosúil) is ea an focal cuasár. Is éard atá i gceist leis an gcuasár ná dúpholl i gcroí réaltra agus é ag astú radaíochta de réir is mar atá damhna ón timpeallacht ag titim isteach sa dúpholl. Níl aon chuasár suite róchóngarach dúinn, agus le fírinne dealraíonn sé go bhfuil ré na gcuasár thart le fada – is é sin, an radaíocht a thagas chugainn ó na cuasáir inniu, tagann sí ó na laethanta a bhí, agus d'imigh an chuid is mó de na cuasáir féin idir an dá linn.

Ar na radathonnta a d'aithin na réalteolaithe na chéad chuasáir, ach ina dhiaidh sin tháinig chun solais gur féidir cuasáir a aithint ar bhandaí radaíochta eile fosta. Mar sin, níl an leagan ”radafhoinse chuasairéaltach” sách cruinn a thuilleadh.

Glactar leis inniu gurb éard atá (nó a bhí) sna cuasáir ná réaltraí gníomhacha agus gurb í an uilleann bhreathnóireachta an difríocht is mó idir iad agus na réaltraí gníomhacha eile.

Cúigréad Stephan: Grúpa réaltraí – cúig cinn ar fad – iad Cúigréad Stephan agus iad le feiceáil in aice a chéile i réaltbhuíon Pheigeasais. Ba é an réalteolaí Francach Édouard Stephan a chéadaithin an grúpa thiar sa bhliain 1877. Tá nasc imtharraingthe idir ceithre cinn de na réaltraí seo, agus an chuma ar an scéal go gcumascfaidh siad in aon réaltra amháin, i gceann na mórmhilliún bliain.

Cúisíocht: Is éard is brí leis an bhfocal cúisíocht ná an bhaint atá ag an gcúis lena toradh agus a mhalairt. Deir an fhisic chlasaiceach nach féidir don toradh bheith ann roimh a chúis, agus gurb é sin an t-iomlán is féidir leis an bhfisiceoir a rá i dtaobh na cúisíochta. Cuireann an fhisic choibhneasaíoch – is é sin, an fhisic atá bunaithe ar theoiric choibhneasachta Einstein – coinníoll breise leis seo: ní féidir le haon rud ná réad luas an tsolais a shárú, agus mar sin, ní féidir leis an gcúis an toradh a shroicheadh níos luaithe ná leis an solas.

Culaith spáis spáschulaith: Culaith bhrúchóirithe den chineál a chaitheas na spásairí. Tá soláthar ocsaigine ann chomh maith le cosaint ar radaíocht an spáis, agus ar ndóigh ní mór féachaint chuige go gcoinnítear an chulaith compordach ó thaobh na teochta de. Scéal eile fós é go bhfuil solas na gréine i bhfad níos láidire amuigh sa spás ná thíos ar dhroim an domhain, rud a chiallaíos go bhfuil scáthlán gréine ar leith de dhíth chun súile an spásaire a dhíonadh. Bíonn micridhreigeoidigh – dreigí beaga agus iad ag gluaiseacht go han-luath – coitianta go maith amuigh ansin freisin, agus ní mór an spásaire a chosaint orthu siúd. Rud eile nach rithfeadh leat go bhfuil gléasra ar leith ann le cuidiú leis an spásaire a chuid géag a fheacadh, toisc go n-éiríonn na teicstilí righin amuigh san fholús. Thairis sin bíonn roicéid bheaga ann a chuideos leis an spásaire an spásárthach a shroicheadh arís, má fhaigheann sé é féin rófhada amuigh.

Is léir nach bhfuil sé ciallmhar ar aon nós dul amach sa spás gan chulaith bhrúchóirithe a chaitheamh, dá mbainfeá triail as, thachtfaí thú. Na scéalta ficsin eolaíochta a thugas le fios go bpléascfá agus an fhuil ar fiuchadh i do chuid artairí de cheal aerbhrú, is ar éigean atá craiceann ar bith orthu. Ar ndóigh, tá dainséir mhóra ag baint leis an easpa aerbhrú, leis an radaíocht agus leis na difríochtaí móra teochta, ach is í an anocsacht – an easpa ocsaigine – roimh aon rud eile a chuirfeadh néal ionat is a mharódh thú. Dá mbeadh soláthar ocsaigine agat gan chulaith spáis, ansin d'fhéadfá do chloigeann a bhuaireamh leis na priacail eile.

Cumhacht solastiomnúcháin: Is dual don teileascóp níos mó solas a thiomsú ná do shúil an duine, toisc go bhfuil cró an teileascóip níos mó ná mac imrisc na súile, agus is í an chumhacht solastiomnúcháin an coibhneas a thugas le fios an difríocht. Is í an fhoirmle a shainíos an chumhacht solastiomnúcháin (P) ná:

P = (Dcró an teileascóip/Dmac imrisc an duine)2

is é sin, má roinntear trastomhas (D) chró an teileascóip ar thrastomhas mhac imrisc an duine, agus má ardaítear an líon seo go cumhacht a dó (is é sin, má chearnaítear é), is éard a gheofar ná an chumhacht solastiomnúcháin. Is minic a thugas lucht na ceirde étendue ar an gcumhacht solastiomnúcháin – téarma Fraincise é.

An Cupán a thugtar ar an réaltbhuíon idir an Leon, an Mhaighdean, an Seiseamhán, an Phéist Uisce, agus an Préachán. Tríd is tríd níl mórán cuid súl ann, ach is fathachréaltaí flannbhuí K-aicme iad an dá réalta is gile sa réaltbhuíon.

Delta Crateris an réalta is gile acu. Tá sí suite beagnach faoi 190 solasbhliain dínn – cúpla solasbhliain níos gaire, go bunúsach – agus tá sí tuairim is aon oiread go leith chomh téagartha leis an nGrian. Mar sin, réalta phríomhsheichimh a bhí ann ar dtús a chuaigh in aois agus i méadaíocht.

Alpha Crateris Alkes a thugtar ar an dara réalta is gile acu. Tá sí suite faoi 160 solasbhliain dínn. Níl sí dhá oiread chomh téagartha leis an nGrian, agus is léir gur réalta phríomhsheichimh a bhí ann ar dtús, sular iompaigh sí ina fathach agus í ag dul in aois.

An Cúpla is ainm don réaltbhuíon atá ar an Stoidiaca idir an Portán agus an Tarbh. Réaltbhuíonta eile timpeall an Chúpla iad an Lioncsa, an tAra, an Bodach (Oiríon), an tAonbheannach, agus an Madra Beag. Fuair an réaltbhuíon a hainm ó chúpla na miotaseolaíochta Gréagaí, Castor agus Pollux, agus dá réir sin is iad Castor agus Pollux ainmneacha an dá réalta is gile sa Chúpla freisin.

Is é Pollux, nó Beta Geminorum, an réalta is gile sa Chúpla, agus is é an fhathachréalta is cóngaraí don Ghrian dá bhfuil ann, nó níl sé ach ceithre solasbhliana déag is scór ar shiúl uainn. Réalta K-aicme é Pollux, is é sin réalta fhlannbhuí. Tá mais dhá Ghrian ann, ach tá sé naoi oiread chomh mór leis an nGrian de réir an gha is an trastomhais, agus é breis is dhá scór oiread chomh lonrúil. Mar sin, réalta phríomhsheichimh a bhí i bPollux na milliúin blianta ó shin ach idir an dá linn chuaigh an réalta in aois, ionas gur iompaigh sí ina fathach. Sa bhliain 2006 dheimhnigh an réalteolaí Artie Hatzes go bhfuil pláinéad ag fithisiú Pollux.

Maidir le Castor, nó Alpha Geminorum, is ilréalta é. Is A-réaltaí iad an dá chomhbhall is gile sa chóras. Réaltaí príomhsheichimh iad ach is léir go bhfuil siad níos téagartha ná an Ghrian. Tá an córas iomlán suite faoi thuairim is leathchéad solasbhliain dínn.

Is í Athena, nó Gamma Geminorum, an tríú réalta is gile sa Chúpla. Tá Athena suite faoi naoi solasbliana is cúig scór dínn. Fo-fhathach A-aicme atá inti.

Mebsuta an t-ainm traidisiúnta ar Epsilon Geminorum, an ceathrú réalta is gile sa Chúpla. Réalta G-aicme atá inti, cosúil leis an nGrian s'againn, agus is ollfhathachréalta í: tá sí beagnach fiche oiread chomh téagartha leis an nGrian, timpeall ar 140 oiread chomh mór de réir an gha is an trastomhais, agus ocht míle cúig gcéad oiread chomh lonrúil.

Ollfhathach eile atá i Mekbuda, nó Zeta Geminorum le fírinne córas ilréaltach atá ann, agus tá sé socraithe ag eagraíocht idirnáisiúnta na réalteolaithe gan an t-ainm sin Mekbuda a úsáid ach le tagairt do phríomhréalta an chórais. Tá an réalta seo suite beagnach míle is dhá chéad solasbhliain uainn, agus í ocht n-oiread chomh téagartha leis an nGrian. Tá an trastomhas cúig oiread is trí scór chomh mór le trastomhas na Gréine, agus tá Mekbuda beagnach trí mhíle oiread chomh lonrúil léi. Réalta athraitheach í Mekbuda, agus a haicme speictreach ag guagadh idir F agus G. Is é an cineál réalta athraitheach atá ann ná Ceifid chlasaiceach, is é sin, tá sí cosúil le Delta Cephei.

Damhna díchineálach damhna díchineálaithe a thugtar ar dhamhna nach féidir adaimh a aithint ann a thuilleadh toisc go bhfuil na leictreoin is na núicléóin fáiscthe chuig a chéile ag an imtharraingt, nó fiú ag an bhfórsa núicléach (an idirghníomhaíocht láidir). Tá cineálacha éagsúla den damhna dhíchineálach le fáil sna habhaic bhána, sna neodrónréaltaí agus sna dúphoill.

Sna habhaic bhána imíonn an chuid is mó den spás taobh istigh de na hadaimh, ach is féidir núicléis na n-adamh éagsúil a aithint thar a chéile i gcónaí. Sna neodrónréaltaí tá na prótóin tar éis sórt comhleá a dhéanamh leis na leictreoin ionas nach bhfuil ach neodróin fágtha. Na dúphoill arís, ní féidir a aithint orthu cén cineál damhna a bhí iontu sula ndearna siad an cliseadh a rinne dúphoill díobh. Le go bhféadfadh an damhna titim isteach in aon phointe amháin – singilteacht an dúphoill – ní mór bósóin a dhéanamh de, ach níl a fhios ag na saineolaithe féin cén sórt bósóin a bheadh ann.

Damhna idirphláinéadach – Is éard atá i gceist leis an damhna idirphláinéadach ná an cineál damhna atá le fáil sa spás idir na pláinéid. Dusta is mó atá ann, chomh maith le cáithníní a bhfuil lucht leictreach acu agus iad ag baint leis an ngrianghaoth.

Damhna idir-réaltach – Tugtar damhna idir-réaltach ar an gcineál damhna atá le fáil sa spás idir na réaltchórais. Hidrigin ianaithe agus héiliam ianaithe is mó atá ann.

Damhna idir-réaltrach – Cosúil leis an damhna idir-réaltach, tá an damhna idir-réaltrach comhdhéanta as hidrigin ianaithe den chuid is mó, dar leis na réalteolaithe. Níl teorainn shoiléir idir an damhna idir-réaltach agus an damhna idir-réaltrach.

Darmstaidiam (Ds) a thugtar ar dhúil uimhir a 110 i dtábla peiriadach na ndúl. Fuair an dúil a hainm ó Darmstadt sa Ghearmáin, nó is i Lárionad Taighde Tromian Helmholtz in aice le Darmstadt a gineadh an chéad adamh darmstaidiam riamh. (Tagraíonn an téarma ”tromian” do na hiain throma; maidir le ”Helmholtz”, is é Hermann Helmholtz atá i gceist, eolaí iléirimiúil ceannródaíoch a d'fhág lorg a láimhe ar a lán brainsí eolaíochta, an teirmidinimic ach go háirithe.) Dúil throm thrasúránach é an darmstaidiam atá chomh héagobhsaí is nach bhfuil sé furasta taighde a dhéanamh ar a airíonna ceimiceacha.

Dath a thugtar ar an dóigh a n-aithníonn súil an duine banda áirithe minicíochta de chuid an tsolais infheicthe. Go praiticiúil, braitheann sé ar a lán imthoscaí cén dath a fheictear, agus téann saoltaithí an duine féin i bhfeidhm ar an dathbhraistint fosta.

Tá dhá chineál cealla i reitine an duine: slatchealla agus cónchealla. Ní aithníonn ach na cónchealla an dath, agus ní bhíonn siad ag obair ach le solas maith – sin é an fáth a ndeirtear go bhfuil na cait go léir liath sa dorchadas.

Dathbharraíocht a thugtar ar an difríocht idir fíor-dhathinnéacs an réid agus an dathinnéacs mar a fheictear don bhreathnóir é. D'fhéadfá a rá gur cur síos matamaitice í an dathbharraíocht ar an deargadh idir-réaltach, is é sin, deargadh an tsolais ó réid chianmhara de thoradh an scaipeacháin agus an ionsúcháin (rud ar a dtugtar díobhadh chomh maith). Ní hionann mar rud an deargadh idir-réaltach agus an deargaistriú, nach bhfuil baint ar bith aige leis an díobhadh.

Dathinnéacs an uimhir a thugas dath na réalta. Bíonn an dathinnéacs íseal ag réaltaí gorma (ar réaltaí teo iad) agus bíonn sé ard ag réaltaí dearga (ar réaltaí fuara iad, i gcomparáid leis na réaltaí gorma).

RÉALTAÍ SAMPLACHA AGUS A nDATHINNÉACS
Réalta Aicme speictreach Dathinnéacs (B-V)
Betelgeuse M + 1.85
Pollux K + 1.00
An Ghrian G + 0.66
Adhafera (Zeta Leonis) F + 0.30
Sirius A A 0.00
Rigel B - 0.03
Meissa A - 0.21

Dath-theocht: Is ionann dath-theocht na réalta agus teocht an dúchoirp atá ag astú solais ar aon dath leis an réalta. Is éard atá i gceist leis an dúchorp ná réad teoiriciúil nach bhfuil ach ag astú solais agus radaíochta eile – is é sin, nach bhfuil ag frithchaitheamh solais ar aon nós (mar sin is é an breo le teann teasa an t-aon chúis leis an solas atá ag teacht as).

An Dátlíne Idirnáisiúnta – Is í an Dátlíne Idirnáisiúnta an teorainn idir an lá inniu agus an lá amárach (nó an lá inné agus an lá inniu, de réir mar a fheictear duit féin é). Go bunúsach tá an líne seo socraithe ar an bhfadlíne 180°, atá ag rith tríd an Aigéan Ciúin, ach tá a lán de na hoileánraí is na stáit san aigéan ar an taobh ”contráilte” den dátlíne, ar chúiseanna polaitiúla agus de réir chomhairle a lucht rialtais. Mar shampla, tá an dátlíne suite idir an Rúis agus Alasca, cé go bhfuil an pointe is faide thoir den Rúis suite i bhfad soir ón bhfadlíne.

D-chiseal a thugtar ar an gciseal den ianaisféar atá suite idir 60 agus 90 ciliméadar os cionn an talún.

An Dealbhóir an réaltbhuíon atá suite idir an Míol Mór, Iompróir an Uisce (an tUisceadóir), Iasc an Deiscirt, an Chorr, an Féinics, agus an Fhoirnéis. Ba é an réalteolaí Nicolas-Louis de Lacalle a bhaist an réaltbhuíon, ach ba é an chéad ainm a thug sé uirthi ná Stiúideó an Dealbhóra. Ar éigean is féidir mórán eile a rá i leith an Dealbhóra, nó níl cuid súl ann ar aon nós: is réaltbhuíon fhann ar fad í.

Dearbhmhéid: Tugtar dearbhmhéid ar lonrachas na réalta mar a d'fheicfí í don bhreathnóir a bheadh suite faoi dheich bparsoic di. Is í an mhéid dhealraitheach lonrachas na réalta mar a fheictear dúinn anseo í. An scála a úsáidtear leis an dá chineál méid a thabhairt, is scála logartamach é. An réalta atá 3 aonad ar dhearbhmhéid, tá sí céad oiread chomh mór leis an réalta atá 6 aonad ar dhearbhmhéid. Taispeánann an sampla seo go bhfuil na réaltaí ag dul i méadaíocht agus an scála ag dul i laghad. Na réaltaí is mó, tá luach a ndearbhmhéide níos lú ná an neamhní, cosúil le hAntares (-5.3), Rigel (-7.8), Arcturus (-0.3) agus Eta Carinae (-8.6).

Tabhair faoi deara gurb é lonrachas nó gile na réalta atá i gceist leis an ”méid”, cé go dtugaimid ”méid” uirthi. Maidir le ”méid” na réalta sa ghnáthchiall, tá miosúir eile ann lena haghaidh: an trastomhas agus an mhais, cuir i gcás.

DearbhnialasIs é an dearbhnialas an teocht is ísle is féidir a shroicheadh, go teoiriciúil. Go praiticiúil, ní féidir ach teacht ina chóngar. Tá an dearbhnialas timpeall ar 273.15 céim Celsius taobh thíos den ghnáthnialas teochta (0 céim Celsius, nó leáphointe an oighir/siocphointe an uisce).

I gcóngar don dearbhnialas is féidir feiniméin neamhghnácha a aithint nach dtig a mhíniú gan dul i muinín na fisice candamaí, cosúil leis an bhforsheoltacht. Is éard atá i gceist leis an bhforsheoltacht ná an dóigh a n-imeoidh an fhriotaíocht leictreach i substaintí áirithe (forsheoltóirí, mar a thugtar orthu) agus iad á reo go dtí cóngar an dearbhnialais, ionas go mbeidh siad thar barr ar fad ag iompar an tsrutha leictrigh.

Is féidir an dearbhnialas a úsáid mar nialas do scála na teochta. Na luachanna teochta a gheofar ar an nós seo, is gnách dearbhtheocht a thabhairt orthu. Is é an ceilvín (K) aonad na dearbhtheochta. Gheofar na luachanna dearbhtheochta trí 273.15 a chur leis na luachanna teochta de réir Celsius. Mar sin is ionann ceilvín agus ceinteagrád mar aonaid ach amháin nach ionann an nialas don dá scála.

DeargaistriúCeann de ghnéithe iarmhairt Doppler is ea an deargaistriú. Is éard atá i gceist leis an deargaistriú ná go ngluaiseann línte Fraunhofer (na línte speictreacha) óna gceartáit i dtreo na deirge – is é sin, tá an tonnfhad ag dul i méadaíocht agus an mhinicíocht ag dul i laghad dá réir. Tugann an deargaistriú le fios go bhfuil an réad áirithe seo ag druidim amach uainn.

An Deargspota an Deargspota Mór a thugtar ar an spota mór dearg in atmaisféar Iúpatair (nó ar dhromchla Iúpatair – níl an dá rud dealaithe go soiléir ó chéile) a tugadh faoi deara an chéad uair sa seachtú haois déag. Le fírinne níltear ar aon fhocal an é an spota dearg céanna a bhí i gceist ag Robert Hooke, an t-eolaí Sasanach a thug an chéad chur síos ar an spota dearg ar Iúpatar, nó ní dhearnadh taighde ar an spota ina dhiaidh sin ach sa naoú haois déag. Pé scéal é glactar leis gur réigiún ardbhrú é an Deargspota Mór, is é sin, sórt spéirling nó stoirm, ach más ionann é deargspota Hooke agus an deargspota atá ann inniu, tá an stoirm seo ann le trí chéad go leith de bhlianta anuas, nó níos mó fós.

Níl tuiscint iomlán ag na heolaithe go fóill ar an Deargspota Mór. Ceist chonspóideach é dath an spota féin. Creideann cuid de na saineolaithe gurb é an fosfar dearg is cúis leis an dath dearg. Tá a fhios againn go bhfuil foisfín – comhdhúil fosfair agus hidrigine – in atmaisféar Iúpatair, ach is comhdhúil cuíosach éagobhsaí í ar dual di titim as a chéile agus fosfar is hidrigin a dhéanamh. Níl i dteoiric an fhoisfín ach ceann de na míniúcháin inchreidte, áfach. Deir eolaithe eile gur comhdhúil éigin de chuid an tsulfair atá ann, mar shampla.

An Deilf a thugtar ar an réaltbhuíon idir an Sionnach, an tSaighead, an tIolar, Iompróir an Uisce (an tUisceadóir), an Capall Beag, agus Peigeasas. Tá sí suite sa leathsféar thuaidh, ach san am chéanna tá sí sách cóngarach do mheánchiorcal na spéire.

Níl an Deilf rófheiceálach mar réaltbhuíon. Is í Alpha Delphini an réalta is gile, ach is córas ilréaltach í dáiríre. Tá déréalta ann, mar atá, Alpha Delphini A, agus roinnt réaltaí eile a tharla san áit chéanna den sféar neamhaí – glactar leis nach fíorchoimhdirí de chuid Alpha Delphini A iad ach réaltaí nach bhfuil cóngarach di ar aon nós, is é sin, coimhdirí optúla.

Is iad Alpha Delphini Aa agus Alpha Delphini Ab na comhbhaill a bhfuil Alpha Delphini A comhdhéanta astu. Is gnách Sualocin a thabhairt ar an gcomhbhall is mó acu – má léitear ón deireadh go tús é, is éard a gheofar ná Nicolaus, an leagan Laidine den ainm Nioclás. Tagairt é don réalteolaí Iodálach Niccolò Cacciatore a bhí ag obair i Réadlann na Sicile i bPalermo i dtús na naoú haoise déag. Sa bhliain 1814 d'fhoilsigh stiúrthóir na réadlainne, Giuseppe Piazzi, a chatalóg réalteolaíochta féin, agus bhí an t-ainm seo tugtha ar an réalta sa chatalóg sin.

Déréalta speictreascópach í Alpha Delphini A – is é sin, ní féidir an dá chomhréalta a aithint thar a chéile sa teileascóp, agus ní mór anailis a dhéanamh ar an speictream. Fofhathach B-aicme í Alpha Delphini Aa. Tá Alpha Delphini suite faoi thuairim is dhá chéad go leith de sholasbhlianta dínn, agus í beagnach trí oiread chomh trom leis an nGrian. Tá sí trí oiread go leith chomh mór leis an nGrian ó thaobh an trastomhais nó an gha de, ach maidir leis an lonrachas, tá sí dhá chéad ocht n-oiread is fiche chomh geal leis an nGrian.

Déréalta í Beta Delphini chomh maith. Tugtar Beta Delphini A agus Beta Delphini B ar an dá chomhréalta, agus is é an t-ainm a bhaist Niccolò Cacciatore ar an gcomhréalta is gile acu ná Rotanev. Má léitear ón deireadh go tús é, gheofar Venator, agus is focal Laidine é a chiallaíos ”sealgaire”, nó cacciatore as Iodáilis. Tá leagan Laidine den ainm agus den tsloinne úd Niccolò Cacciatore – Nicolaus Venator – ceilte in ainmneacha an dá réalta, mar sin.

F-réaltaí iad an dá chomhbhall de Beta Delphini, is é sin tá siad beagáinín níos teo ná an Ghrian. Níl ceachtar acu mórán níos troime ná an Ghrian cé go bhfuil siad níos lonrula (24 oiread agus ocht n-oiread). Tá an dá réalta suite céad solasbhliain uainn, a bheag nó a mhór.

Maidir le Gamma Delphini, is déréalta eile í. Tá sí suite traidhfilín níos faide uainn ná Beta Delphini nó Rotanev. Gamma1 Delphini agus Gamma2 Delphini ainmneacha an dá réalta. An chéad cheann acu, is réalta phríomhsheichimh í agus baint aici leis an B-aicme; an dara ceann acu, is fo-fhathach flannbhuí den K-aicme í, agus í tuairim is fiche oiread chomh lonrúil leis an nGrian. Creidtear go bhfuil pláinéad ar aon mhéid le hIúpatar ag an déréalta seo.

Déréalta eile í Delta Delphini, agus í suite faoi tuairim is dhá chéad is fiche solasbhliain dínn. Réaltaí aisteacha iad an dá chomhbhall agus iad níos saibhre i miotail ná mar ba chóir, agus ní féidir iad a dhealú ó chéile ach taighde a dhéanamh ar an speictream. Réaltaí athraitheacha iad an bheirt acu.

Réalta aonair í Epsilon Delphini AldulfinEireaball na Deilfe. Fathachréalta B-aicme atá ann. Tá an réalta seo suite tuairim is trí chéad is tríocha solasbhliain uainn, agus í beagnach seacht gcéad oiread chomh lonrúil leis an nGrian.

Deimos atá ar an gceann is lú den dá shatailít atá ag Mars. Ba é an réalteolaí Meiriceánach Asaph Hall a chuir an chéad sonrú in Deimos i Mí Lúnasa 1877, sé lá sular aithin sé Phobos; ba é Henry George Madan an chéad duine a mhol an t-ainm seo don tsatailít. Caitheann Deimos tríocha uair an chloig ag críochnú turas amháin timpeall ar Mhars. Tá cianphointe na gealaí seo suite faoi 23 471 chiliméadar ó Mhars, agus an garphointe cúig chiliméadar déag níos cóngaraí don phláinéad. Níl in Deimos ach cnapán beag cloiche i gcomparáid leis an nGealach s'againn – níl sé ar dhéanamh na liathróide, fiú. D'fhéadfá a rá go bhfuil sé cúig chiliméadar déag ar fad agus aon chiliméadar déag ar leithead.

dhá chráitéar mhóra ar Deimos atá ainmnithe: Swift (aon chiliméadar amháin ar trastomhas) agus Voltaire (dhá chiliméadar ar trastomhas). Fuair na cráitéir na hainmneacha seo i ndilchuimhne ar an mbeirt scríbhneoirí úd Jonathan Swift agus François-Marie Arouet (”Voltaire”), ó bhí siadsan ag tuairimíocht faoi shatailítí Mharsa ina gcuid scríbhinní sular aithin na réalteolaithe Phobos agus Deimos. Maidir le Deimos, tagairt do mhiotaseolaíocht na sean-Ghréagach atá ann: bhí beirt mhac ag Ares agus Aphrodite, Phobos agus Deimos, agus is gnách Ares, dia an chogaidh i seanchas na Gréige, a chomhionannú le Mars, a raibh an ról céanna aige ag na Rómhánaigh.

Deireadh na LoingeCeann de na réaltbhuíonta a tháinig ar an bhfód nuair a scoilteadh an Long nó Argo Navis é Deireadh na Loinge. Tá Deireadh na Loinge suite idir an tAonbheannach, Compás an Mhairnéalaigh, na Seolta, an Chíle, an Péintéir, an Colm, an Madra Mór, agus an Phéist Uisce.

Réalta O-aicme is ea Zeta Puppis. Tá sí suite tuairim is míle agus céad solasbhliain uainn, agus is ollfhathachréalta í. Tá sí sé oiread déag is dhá scór chomh téagartha leis an nGrian, agus í deich míle oiread níos lonrúla. Le fírinne tá an chuid is mó den radaíocht atá an réalta seo a astú sa bhanda ultraivialait, agus má chuirtear an radaíocht sin san áireamh, tá Zeta Puppis na céadta míle oiread níos lonrúla ná an Ghrian.

Pi PuppisAhadi an dara réalta is gile i nDeireadh na Loinge. Fathachréalta fhlannbhuí K-aicme atá inti, agus í dhá oiread déag chomh téagartha, dhá mhíle déag oiread chomh lonrúil leis an nGrian.

Tríréalta í Xi Puppis. Tá déréalta speictreascópach ann – is é sin, dhá réalta agus iad chomh gar dá chéile is nach dtig iad a aithint thar a chéile ach amháin ar an speictream – agus an tríú réalta le feiceáil sa teileascóp mar réad ar leith. Is iad ainmneacha an trí cinn ná Xi Puppis Aa (Azmidi), Xi Puppis Ab agus Xi Puppis B. Fathachréalta atá i Xi Puppis A agus í in aon aicme speictreach leis an nGrian, is é sin G-aicme. Maidir le Xi Puppis B is réalta phríomhsheichimh í cosúil leis an nGrian.

DenebAlpha Cygni a thugtar ar an réalta is gile i réaltbhuíon na hEala. Ollfhathachréalta A-aicme atá inti agus í tuairim is dhá chéad míle oiread chomh lonrúil leis an nGrian. Tá sí suite faoi dhá mhíle is sé chéad solasbhliain dínn, ach is deacair an fad sin a shainiú go cruinn, dáiríribh. Ceann de réaltaí Thriantán an tSamhraidh í.

Denebola Beta Leonis atá ar an tríú réalta is gile i réaltbhuíon an Leoin. Tá sí suite faoi shé solasbhliana déag is fiche dínn, agus í infheicthe go maith gan dul i dtuilleamaí gléasra cianradhairc. Réalta phríomhsheichimh í – níl sí dhá oiread chomh mór leis an nGrian – ach is A-réalta the lonrúil í. Réalta athraitheach í den chineál atá ainmnithe as Delta Scuti, is é sin, tagann athruithe beaga bídeacha ar a lonrachas de réir tréimhse nach bhfuil ach cúpla uair an chloig ar fad.

Deoitéarón a thugtar ar cháithnín atá comhdhéanta as prótón amháin agus neodrón amháin. Is ionann é agus núicléas an deoitéiriam.

Deoitéiriam a thugtar ar iseatóp trom neamh-radaighníomhach na hidrigine a bhfuil neodrón amháin sa núicléas aige i mbreis ar an bprótón. (Uaireanta tugtar próitiam ar an ngnáth-hidrigin nach bhfuil ach prótón amháin sa núicléas aici.) Ba iad na fisiceoirí Meiriceánacha Harold Urey agus Ferdinand Brickwedde a d'aonraigh an chéad eiseamal deoitéiriam thiar sna 1930idí, tar éis d'Urey an deoitéiriam a aithint go speictreascópach sa bhliain 1931. Ba é Urey a cheap na téarmaí úd próitiam, deoitéiriam agus tritiam agus a d'úsáid roimh aon duine eile iad in alt a d'fhoilsigh sé sa bhliain 1934.

Is minic a úsáidtear an tsiombail cheimiceach D le tagairt a dhéanamh don deoitéiriam, cé nach bhfuil ann ach iseatóp de chuid na hidrigine (H). Is féidir 2H a úsáid chomh maith, agus is é sin an leagan is fearr le Cumann Idirnáisiúnta na gCeimiceoirí (IUPAC).

Má nasctar dhá adamh deoitéiriam d'adamh ocsaigine, is éard a gheofar ná ocsaíd deoitéiriam, nó tromuisce. Is iomaí úsáid a bhaintear as an tromuisce, go háirithe sa teicneolaíocht núicléach. An leagan den imoibreoir núicléach a forbraíodh i gCeanada sna seascaidí, mar atá, CANDU (Canada Deuterium Uranium), úsáideann sé tromuisce le maolú ar na neodróin arb iad iompróirí an tslabhra imoibrithe san imoibreoir.

Úsáidtear deoitéiriam sna buamaí hidrigine freisin. Tá an buama hidrigine bunaithe ar chomhleá an deoitéiriam agus an tritiam, agus gnáthbhuama adamhach (buama eamhnaithe) mar mhaidhmitheoir ann le tús a chur leis an gcomhleá seo.

Is é an tritiam an tríú hiseatóp atá ag an hidrigin, agus é níos troime fós ná an deoitéiriam. Tá dhá neodrón agus aon phrótón amháin i núicléas an tritiam, agus is iseatóp radaighníomhach é, murab ionann agus an deoitéiriam.

Déréalta a thugtar ar dhá réalta atá chomh cóngarach dá chéile agus go bhfuil nasc imtharraingthe acu. Is ionann an déréalta agus réalta dhúbailte fhisiceach; scéal eile í an réalta dhúbailte optúil (dhá réalta atá suite ar an líne chéanna, beagnach, ón Domhan, ionas go bhfeictear in aice le chéile iad, cé nach bhfuil siad in aon chóngar dá chéile i ndáiríribh).

Déréalta éagothrom atá i gceist má tá an dá chomhréalta an-difriúil le chéile ó thaobh na méide nó an lonrachais de. Is féidir mar shampla go bhfuil ceann den dá chomhbhall iompaithe ina abhac bán cheana féin, agus an ceann eile ina fhathachréalta go fóill.

Déréalta fhótaiméadrach a thugtar ar dhéréalta ar féidir í a aithint mar dhéréalta trí bhreathnuithe fótaiméadracha a dhéanamh uirthi. Déréaltaí fótaiméadracha iad na déréaltaí uraitheacha mar shampla.

Déréalta infheicthe atá i gceist más féidir leat an dá chomhréalta a aithint thar a chéile agus a fheiceáil mar dhá réad scartha le súile do chinn féin, nó ar an teileascóp ar a laghad.

Déréalta réaltmhéadrach a thugtar ar dhéréalta ar féidir í a aithint mar dhéréalta trí bhreathnuithe réaltmhéadracha a dhéanamh uirthi. Go bunúsach, is éard a bhíos i gceist le déréalta réaltmhéadrach ná déréalta atá an-éagothrom, ionas nach bhfuil ach ceann den dá chomhréalta le feiceáil, ach san am chéanna is féidir a aithint go bhfuil an ceann sin ag timpeallú na comhréalta dofheicthe agus go bhfuil an chomhréalta dhofheicthe ag dul i bhfeidhm ar an gceann eile ar dhóigheanna éagsúla, an imtharraingt ach go háirithe.

Déréalta speictreascópach a thugtar ar dhéréalta ar féidir í a aithint mar dhéréalta trí anailís a dhéanamh ar a speictream.

Déréalta theagmhála atá i gceist má tá an dá réalta chomh cóngarach dá chéile is go bhfuil siad i dteagmháil le chéile.

Déréalta uraitheach atá ann, má thagann ceann den dá dhéréalta idir sinn agus an déréalta eile go tráthrialta.

Diallas a thugtar ar an gcomhordanáid i gcóras an mheánchiorcail a fhreagraíos don domhanleithead. Tugtar in aonaid stua é, is é sin, céimeanna stua, stuanóiméid, agus stuashoicindí.

Dia-optar a thugtar ar aonad na cumhachta optúla. Is ionann an dia-optar agus deilín an mhéadair, is é sin, m-1, agus is ionann an chumhacht optúil agus deilín an fhaid fhócasaigh. Mar sin, má tá an lionsa deich ndia-optar ar chumhacht optúil, is ionann sin is a rá go bhfuil sé 1/10 méadar (deich gceintiméadar) ar fhad fhócasach.

Díchumadh: San optaic is ionann díchumadh agus an dóigh a gcuireann na lionsaí na línte díreacha as a riocht. Is é is cúis leis an díchumadh ná nach ionann an formhéadú timpeall ar lárphointe an lionsa agus in aice leis na ciumhaiseanna. (Is é is formhéadú ann ná an dóigh a bhfeictear an réad níos mó dúinn tríd an lionsa.) Díchumadh pioncásach atá i gceist má tá an formhéadú ag dul i méadaíocht i bhfad ó lárphointe an lionsa, agus díchumadh bairilleach a thugtar ar a mhalairt de dhíchumadh. Tá a leithéid de rud ann agus díchumadh croiméalach freisin – is é sin, meascán an dá dhíchumadh eile.

Díobhadh: Tugtar díobhadh ar an dóigh a scaiptear an solas ar a bhealach ón réalta (nó ó réad réalteolaíoch eile) chugainn agus é ag bualadh faoi dhamhna de chineálacha éagsúla. Cuid den díobhadh é an dóigh a n-ólann dusta agus gáis na hollchruinne an solas chuige féin (is é sin, ionsú an tsolais).

Tá cúiseanna éagsúla leis an díobhadh: an t-ábhar idir-réaltach (deargadh idir-réaltach), an t-atmaisféar timpeall an Domhain (díobhadh atmaisféarach) agus pé dusta atá timpeall ar an réad féin.

Is dual don dusta idir-réaltach níos mó den tsolas ardmhinicíochta (solas gorm) ná den tsolas ísealmhinicíochta (solas dearg) a ionsú, rud a chiallaíos go gcuireann an díobhadh idir-réaltach dath dearg leis an solas ó réadanna i bhfad i gcéin uainn. Sin é an fáth a dtugtar deargadh idir-réaltach ar dhíobhadh den chineál idir-réaltach. Tabhair faoi deara nach bhfuil baint ar bith ag an deargadh idir-réaltach leis an deargaistriú, ar toradh é d'iarmhairt Doppler.

Maidir leis an díobhadh atmaisféarach, is éard is cúis leis ná:
  • móilíní an aeir a bheith ag scaipeadh an tsolais (rud ar a dtugtar réscaipeadh Rayleigh)
  • na haerasóil (na deoiríní beaga uisce san aer, mar shampla) a bheith ag scaipeadh an tsolais
  • na móilíní a bheith ag ól an tsolais agus a fhuinnimh chucu (ionsúionsúchán; is iad na móilíní ocsaigine agus ózóin is mó a shús isteach an solas ardmhinicíochta, agus is iad na móilíní uisce is mó a bhaineas den tsolas ísealmhinicíochta)


Dione atá ar an gcúigiú satailít déag is mó dá bhfuil ag timpeallú Shatarn, agus í ar an dara satailít is dlúithe ábhar acu. Go bunúsach, is éard atá in Dione ná liathróid oighir agus cloiche agus í tuairim is 1120 ciliméadar ar mheán-trastomhas. Ba é Giovanni Domenico Cassini a chuir an chéad sonrú in Dione sa bhliain 1684, agus fuair an ghealach bheag seo a hainm ó John Herschel sa bhliain 1847. Ní dhearnadh léarscáiliú ceart ar Dione ach le déanaí, nuair a d'eitil an spástaiscéalaí Cassini thart le Dione. De thoradh an taighde a rinne Cassini tá a fhios ag an gcine daonna a lán i dtaobh thíreolaíocht Dione, agus fuair a lán gnéithe dá dromchla ainmneacha, an t-iomaire úd Janiculum Dorsa, mar shampla.

Diosca Airy: is é diosca Airy an diosca solais i lár an phatrúin díraonacháin a gheofar má chuirtear ga solais trí chró chruinn an lionsa. Fuair an diosca a ainm ó George Biddell Airy, matamaiticeoir agus réalteolaí Sasanach a bhí beo sa naoú haois déag.

Diosca bréagach: Tá baint ag an gcoincheap seo le diosca Airy. Go bunúsach, nuair a dhéantar breathnuithe ar na réaltaí tríd an teileascóp, is mar dhioscaí a fheictear iad. Na difríochtaí méide idir na dioscaí seo, áfach, ní bhraitheann siad ar fhíor-dhifríochtaí trastomhais idir na réaltaí atá i gceist an oiread is a bhraitheas siad ar dhifríochtaí gile. Sin é an fáth a dtugtar dioscaí bréagacha orthu.

Diosca na gréine: go bunúsach, is ionann é diosca infheicthe na gréine agus an fótaisféar.

Diosca réaltrach: an chuid den réaltra atá suite timpeall an láir agus í cosúil le diosca. Tá diosca réaltrach ag na cineálacha seo leanas de réaltraí:

  • réaltraí lionsacha: M84, NCG4111, ”Réaltra an Rotha” (ESO 350-40)
  • réaltraí bíseacha neamhbharracha: M81, M88, ”Réaltra an Triantáin” (M33)
  • réaltraí bíseacha barracha: Bealach na Bó Finne
  • réaltraí bíseacha idirmheánacha: ”Réaltra na Tine Ealaíne” (NCG6946).

Cuid de na réaltraí a bhfuil diosca réaltrach acu, níl iontu go bunúsach ach an diosca sin; an chuid eile is féidir bolg láir a aithint acu. An dá chineál réaltraí nach bhfuil diosca réaltrach acu, níl iontu ach an bolg féin: na réaltraí neamhrialta agus na réaltraí éilipseacha.

Díothú díothúchán a thugtar ar an rud a thitfeas amach má bhuaileann cáithnín agus a fhrithcháithnín a chéile. Más fíor-bhuncháithníní atá iontu, is é sin cáithníní nach bhfuil struchtúr inmheánach acu, imeoidh siad agus ní fhágfar ach candaim radaíochta. Sampla de seo is ea díothú an leictreoin agus an phosatróin. Más cáithníní iad a bhfuil struchtúr inmheánach acu – cosúil leis an bprótón agus leis an bhfrithphrótón, agus iad comhdhéanta as cuarcanna – beidh an scéal níos casta: ar dtús déanfar méasóin éagsúla, ach ansin imeoidh na méasóin féin agus cruthófar candaim radaíochta chomh maith le leictreoin, posatróin agus neoidríonónna.

Diphda: Is í Diphda nó Deneb Kaitos Beta Ceti an réalta is gile i réaltbhuíon an Mhíl Mhóir – tá sí níos gile, fiú, ná an réalta ar a dtugtar Alpha Ceti, nó Menkar. Ó thaobh an speictrim de, tá sí idir eatarthu idir na haicmí G agus K. Fathachréalta fhlannbhuí í mar sin. Meastar go bhfuil sí suite faoi shé solasbhliana déag agus ceithre scór den Domhan.

Díraonadh díraonachán a thugtar ar an dóigh ar féidir le haon chineál tonnghluaiseachta dul thart an coirnéal – is é sin, má théann an tonnghluaiseacht ag dul trí pholl, beidh sí ag dul i ngach treo sa spás ar an taobh eile den pholl. théann solas trí scoilt an-chaol, abair, is léir go bhfeicfear banda geal – uasmhéid solais mar a déarfá – ar an dromchla a bhuailfeas an solas ina dhiaidh sin. Ach san am chéanna beidh bandaí eile – uasmhéideanna eile – le feiceáil ar an dá thaobh ón banda is gile, agus iad ag éirí níos dorcha ag dul i bhfad ón bpríomh-uasmhéid. Is é an díraonadh is cúis leis na huasmhéideanna seo. Más cró beag ciorclach atá ann, áfach, beidh diosca solais – diosca Airy – le feiceáil ar an dromchla sin, agus ciorcail ina thimpeall de bharr an díraonacháin. An dóigh a scaiptear an solas ar an dromchla a bhuaileas sé, tugtar patrún díraonacháin air.

Dírghluaisne a thugtar ar ghluaiseacht na satailíte in aon treo le rothlú an phríomhúlaigh. Gluaisne chasiompaithe a thugtar ar a mhalairt de ghluaiseacht. An tsatailít a fhanas os cionn an bhaill chéanna den Domhan (an tsatailít gheoisioncrónach nó gheochobhsaí), is sampla speisialta í den dírghluaisne, nó tá sí ag timpeallú an phláinéid in aon treo agus ar aon luas le rothlú an phláinéid.

Dlí Bode, nó dlí Titius, nó dlí Titius-Bode: Sórt teoiric nó hipitéis ab ea an ”dlí” seo: is éard a dúirt an teoiric ná go bhfuil fad an phláinéid ón nGrian ag brath ar fhad an chéad phláinéid roimhe agus ar fhad an chéad phláinéid eile de réir foirmle shimplí mhatamaiticiúil:

  • is ionann fad Mhearcair ón nGrian agus 4/100 d'fhad Shatarn ón nGrian – glacaimis leis an gcéadú cuid sin mar aonad;
  • is ionann fad Véineas ón nGrian agus 7/100, is é sin, 4 + 3 aonad;
  • is ionann fad an Domhain ón nGrian agus 10/100, is é sin, 4 + 6 aonad, agus is ionann 6 agus 3 méadaithe faoi 2;
  • is ionann fad Mharsa ón nGrian agus 16/100, is é sin, 4 + 12 aonad, agus is ionann 12 agus 3 méadaithe faoi 4;
  • ansin aithnítear bearna sa seicheamh simplí matamaiticiúil seo (bheifeá ag súil le pláinéad a bheadh suite faoi 28/100 den Ghrian – is ionann 28 agus 4 + 24 aonad, agus is ionann 24 agus 3 méadaithe faoi 8);
  • ach is ionann fad Iúpatair ón nGrian agus 52/100, is é sin, 4 + 48 aonad, agus is ionann 48 agus 3 méadaithe faoi 16;
  • agus ar ndóigh is ionann fad Shatarn ón nGrian agus 100/100, is é sin, 4 + 96 aonad, agus is ionann 96 agus 3 méadaithe faoi 32.
Tá an dlí seo ainmnithe as beirt réalteolaithe Gearmánacha, Johann Elert Bode agus Johann Daniel Titius, a thosaigh ar an tuiscint chéanna timpeall ar an mbliain 1770. Dealraíonn sé, áfach, go ndearna David Gregory agus Edmund Halley trácht ar an smaoineamh céanna i dtéacsleabhar réalteolaíochta a foilsíodh i dtús na hochtú haoise déag. Is éard a chreid Bode agus Titius gur uirlis úsáideach a bhí sa ”dlí” s'acu le teacht ar phláinéid nua, agus ceart go leor bhí an dlí in ann áit Úránais a thairngreacht i gceart. Maidir leis an mbearna idir Mars agus Iúpatar, d'aithin an tIodálach Giuseppe Piazzi astaróideach – Ceres – san áit sin i dtús na naoú haoise déag.

Mar a tháinig chun solais ina dhiaidh sin, áfach, ní raibh an dlí ábalta áit Neiptiúin a thairngreacht i gceart, agus is iomaí locht eile a fuarthas ar an hipitéis. Ní dhearctar air mar dhlí nádúrtha d'aon chineál a thuilleadh, agus cuid de na réalteolaithe barúlach nach raibh ann riamh ach comhtharlúint.

Dlí Fechner – Dlí síceolaíochta é dlí Fechner a bhfuil baint aige leis an taighde réalteolaíochta. Deir dlí Fechner go bhfuil aithint an spreagthaigh (an t-athrú gile, mar shampla) i gcomhréir logartamach le láidreacht an spreagthaigh féin. Ba é Gustaf Theodor Fechner a d'oibrigh amach an dlí agus an leagan matamaiticiúil de.

Dlí imtharraingthe Newton – Is eol do chách, a bheag nó a mhór, gurbh é Isaac Newton a cheap an chéad teoiric faoin imtharraingt, is é sin, faoin dóigh a bhfuil na réadanna ag aomadh (ag tarraingt) a chéile. Is éard a deir dlí Newton ná:
  • gur fórsa í an imtharraingt;
  • go bhfuil an fórsa sin i gcomhréir le maiseanna na réadanna atá ag aomadh a chéile; agus
  • go bhfuil an fórsa sin i gcomhréir inbhéartaithe le cearnóg an fhaid idir na maiseanna.
Is í an chothromóid mhatamaiticiúil a chuireas an méid sin in iúl ná:

F = G[(m1m2)/r2]

inarb ionann:
  • F agus an fórsa;
  • G agus tairiseach na himtharraingthe;
  • m1 agus mais an chéad réad;
  • m2 agus mais an dara réad;
  • r agus an fad idir lárphointí an dara réad;
  • r2 agus cearnóg an fhaid sin, is é sin an fad méadaithe faoi féin.
D'athraigh tuiscint na fisice ar an imtharraingt nuair a tháinig teoiric coibhneasaíochta Einstein ar an bhfód, nó is éard a deir Einstein ná go gcuireann an imtharraingt an spás agus an t-am as a riocht timpeall an réid – go gcuarann sí an spás agus an t-am – agus nach fórsa ceart í an imtharraingt, is é sin, nach bhfuil i gceist leis ach an dóigh a mothaítear is a n-aithnítear an cuaradh sin.

Le fírinne bhí Newton féin cineál drochamhrasach i dtaobh na himtharraingthe mar fhórsa. Sa ghnáthchiall caithfidh dhá réad a bheith i dteagmháil le chéile le fórsa a chur i bhfeidhm ar a chéile, ach maidir leis an imtharraingt, oibríonn sí fiú tríd an bhfolús, gan a bheith á hiompar ag aon rud infheicthe nó inaitheanta. D'admhaigh Newton nach raibh i gceist le ”dlí Newton” ach foirmle néata phraiticiúil a cheadaigh don duine an fórsa imtharraingthe a áireamh, ach san am chéanna dúirt sé nach raibh tuiscint aige ar an rud is imtharraingt ann dáiríribh. Mar sin, nuair a mhínigh Einstein an imtharraingt mar dhíchumadh sa spás-am, d'fhreagair sé ceist a bhí curtha ag Newton féin.

Dlí KirchhoffLe fírinne tá a lán dlíthe nádúrtha ann a dtugtar ”dlí Kirchhoff” orthu:

Dlíthe Kirchhoff san innealtóireacht leictreach, is é sin dlí Kirchhoff faoin voltas agus dlí Kirchhoff faoin sruth leictreach. Deir an dlí faoin sruth leictreach ná, in aon phointe den chiorcad leictreach ina dtagann seoltóirí srutha le chéile, gurb ionann suim na sruthanna isteach agus na sruthanna amach ná 0. An dlí faoin voltas arís, is éard a deir sé ná gurb ionann suim an voltais ó fhoinse an tsrutha agus an voltais a chailltear sa chiorcad ná 0.

Dlí Kirchhoff faoin radaíocht theirmeach. Deir an dlí seo, ná, aon réad atá i gcothromaíocht theirmidinimiciúil, gurb ionann iad an t-astaíochas (an chomhéifeacht astúcháin) agus an ionsúiteacht dó. Tá baint ag an dlí seo le radaíocht an dúchoirp. Is é an dúchorp an réad teoiriciúil nach bhfuil in ann radaíocht d'aon chineál a fhrithchaitheamh, is é sin, ní dhéanann sé ach radaíocht a astú (a thál, a thabhairt uaidh) agus a ionsú (a shú isteach, a ól chuige).

Dlíthe speictreascópachta Kirchhoff: Trí dhlí atá ann:
  1. An solad, an leacht nó an gás dlúth a bhfuil breo ann chomh te is atá sé, tá sé ag astú radaíochta ag gach tonnfhad (rud a dtugtar speictream leanúnach air).
  2. An gás neamhdhlúth a bhfuil breo ann chomh te is atá sé, níl sé ag astú radaíochta ach ag tonnfhaid áirithe (speictream astúcháin).
  3. Má théann radaíocht a bhfuil speictream leanúnach aici trí ghás fuar, bainfidh (ionsúfaidh) an gás sin tonnfhaid áirithe den radaíocht: más solas atá i gceist, aithnítear an t-ionsúchán seo mar línte dubha sa speictream (línte ionsúcháin). Sampla de na línte ionsúcháin seo iad línte Fraunhofer a d'aithin Josef von Fraunhofer, fisiceoir Gearmánach eile, roimh lá Kirchhoff féin ar speictream na gréine.

Fuair na dlíthe a n-ainm ón bhfisiceoir Gearmánach Gustav Kirchhoff (1824-1887). Mar is léir ó na samplaí seo, fear iléirimiúil a bhí ann agus suim aige ina lán craobhacha den fhisic.

Dlí na limistéar comhionann – Tugtar Dara Dlí Kepler ar an dlí seo freisin, nó ba é an réalteolaí Gearmánach Johannes Kepler (1571-1630) a chuir i bhfriotal é an chéad lá riamh, chomh maith leis na dlíthe réalteolaíochta eile a d'aithin sé.

Nuair a bhíos an tsatailít ag teacht i gcóngar don phríomhúlach, bíonn sé ag dul i luas ar a chamchuairt timpeall an phríomhúlaigh, agus nuair a bhíos sí ag dul níos faide ón bpríomhúlach, bíonn sí ag moilliú a siúil.

Má roghnaímid dhá phointe ar chonair na satailíte agus sinn ag tarraingt líne ó gach point acu go dtí an príomhúlach, fágfar achar nó limistéar idir an chonair agus an dá líne sin. Anois, má roghnaímid dhá phointe eile a dtógann sé an tamall céanna ama ar an tsatailít an bealach eatarthu a chur di, agus sinn ag tarraingt dhá líne ó thúsphointe an bhealaigh go dtí an príomhúlach agus ó phointe deiridh an bhealaigh go dtí an príomhúlach, is é an t-achar céanna a fhágfar idir an dá líne agus an chonair.

Dlí Planck a thugtar ar an gcothromóid a d'oibrigh Max Planck amach sa bhliain 1900 le cur síos ar radaíocht an dúchoirp. Bhí an chothromóid bunaithe ar thorthaí na dturgnamh seachas ar aon tuiscint theoiriciúil. Ba é dlí Rayleigh-Jeans an míniúchán teoiriceach a bhí á fhorbairt faoin am chéanna, ach is é an toradh a thug an dlí sin ná go raibh radaíocht an dúchoirp ag dul i méadaíocht gan teorainn agus tonnfhad na radaíochta sin ag titim. Ar ndóigh, seafóid amach is amach atá sa tairngreacht seo, nó is léir nach féidir le haon chorp fuinneamh teoranta (fuinneamh a chuireas ag breo é) a iompú go fuinneamh gan teorainn – ní féidir fuinneamh a ghineadh as an neamhní, mar a deir an chéad cheann de dhlíthe na teirmidinimice (an dlí faoi imchoimeád an fhuinnimh). Is gnách catastróf ultraivialait a thabhairt ar an tairngreacht theipthe seo.

Ba é toradh na dturgnamh ná go raibh fuinneamh na radaíochta as réad a bhí á chur ag breo – go raibh an fuinneamh sin ag dul i méadaíocht agus an tonnfhad ag titim, ach gur shroich sé a bhuaicphointe ag tonnfhad áirithe le titim arís ina dhiaidh sin. Bhí Planck ábalta slonn matamaitice a dhéanamh amach leis an mbuaicphointe sin a thairngreacht, agus ba é an slonn sin dlí Planck.

Dlí Stefan-Boltzmann: Cosúil le dlí Planck, baineann an dlí seo le radaíocht an dúchoirp. Deir dlí Stefan-Boltzmann go bhfuil fuinneamh na radaíochta atá ag teacht as an dúchorp ag brath ar cheathrú cumhacht a theochta. Ní mór an chumhacht sin a mhéadú faoi uimhir ar a dtugtar tairiseach Stefan-Boltzmann leis an bhfuinneamh sin a fháil.

Fuair dlí Stefan-Boltzmann a ainm ón bhfisiceoir Sloivéanach Jožef Štefan (1835-1893) agus an fisiceoir Ostarach Ludwig Eduard Boltzmann (1844-1906).

Dlíthe Kepler – Is iad dlíthe Kepler na dlíthe a stiúras gluaiseachtaí na bpláinéad, agus iad curtha i bhfocail an chéad uair ag an réalteolaí Gearmánach Johannes Kepler (1571-1630):

  • An chéad cheann de dhlíthe Kepler: Éilips í fithis an phláinéid timpeall na Gréine, agus an Ghrian suite i gceann de dhá fhócas an éilips.
  • An dara ceann de dhlíthe Kepler: is é seo dlí na limistéar comhionann, féach thuas.
  • An tríú ceann de dhlíthe Kepler: Tá cearnóg (dara cumhacht) na tréimhse fithisí ag brath go coibhneasta ar chiúb (tríú cumhacht) na haise leathmhóire.

Dlíthe NewtonNa dlíthe nádúrtha a stiúras an ghluaiseacht i bhfráma tagartha na táimhe, agus iad curtha i bhfocail ag Isaac Newton:
  • An chéad cheann de dhlíthe Newton: Is dual do gach réad fanacht mar a bhfuil sé nó a shean-treoluas a choinneáil (agus caithfear fórsa a chur i bhfeidhm ar an réad leis an treoluas a athrú).
  • An dara ceann de dhlíthe Newton: F = ma. Is é sin, is ionann an fórsa (F) atá ag dul i bhfeidhm ar an réad agus mais an réada (m) méadaithe faoi luasghéarú (a) an réada chéanna.
  • An tríú ceann de dhlíthe Newton: Má chuireann réad amháin fórsa i bhfeidhm ar réad eile, cuirfidh an dara réad frithfhórsa i bhfeidhm ar an gcéad réad. Is ionann an bunfhórsa agus an frithfhórsa ach amháin go bhfuil an frithfhórsa ag dul i dtreo contrártha.

Dlíthe radaíochta – Glactar leis go coitianta gurb iad dlí Planck, dlí Stefan-Boltzmann agus dlí Wien na dlíthe radaíochta, nó dlíthe radaíochta an dúchoirp. Is é an dúchorp an réad dubh nach bhfuil ag frithchaitheamh aon chineál radaíochta – is é sin, breo (luisne) de thoradh an teasa is cúis le gach radaíocht atá ag teacht as an dúchorp.

Dlí Wien – Is éard a deir dlí Wien ná go bhfuil tonnfhad na huasmhéide radaíochta i gcomhréir inbhéartach le teocht an dúchoirp. Is é sin, más ag éirí te atá an dúchorp, beidh tonnfhad na radaíochta ag dul i ngiorracht. Is féidir dlí Wien a aithint ar bhreo an iarainn: ar dtús beidh luisne dhearg ann, nó is é an solas dearg is faide tonn, ach ansin iompóidh an t-iarann flannbhuí nó buí.

Fuair an dlí a ainm ó Wilhelm Wien (1864-1928), fisiceoir Gearmánach.

Dlús – Go bunúsach is ionann an dlús (i gciall cheart an fhocail) agus mais an réada roinnte faoina thoirt. I gcóras SI is é aonad caighdeánach an dlúis ná an cíleagram roinnte faoin méadar ciúbach, kg/m3. Nuair a bhítear ag trácht ar dhlús na ngnáthshubstaintí soladacha nó leachtacha, is é an gram roinnte faoin gceintiméadar ciúbach, g/cm3, is mó a úsáidtear.

Substaintí samplacha
Cineál substainte
Dlús (g/cm3) faoi na gnáth-imthoscaí (teocht an tseomra, brú an atmaisféir)
Uisce, H2O
comhdhúil dhénártha
1.0
Sóidiam, Na
miotal alcaileach
0.97
Potaisiam, K
miotal alcaileach
0.86
Maignéisiam, Mg
miotal cré-alcaileach
1.74
Cailciam, Ca
miotal cré-alcaileach
1.55
Carbón (graifít) C
neamh-mhiotal
2.27
Sulfar, S, an t-allatróp is coitianta
neamh-mhiotal
2.07
Fosfar, P, an fosfar dubh
neamh-mhiotal
2.7
Iarann, Fe
miotal trasdultach
7.9
Cóbalt, Co
miotal trasdultach
8.9
Nicil, Ni
miotal trasdultach
8.9
Ór, Au
miotal lómhar
19
Airgead geal, Ag
miotal lómhar
10.5
Sinc, Zn
miotal iar-thrasdultach
7.1
Caidmiam, Cd
miotal iar-thrasdultach
8.7
Mearcair, Hg
miotal iar-thrasdultach
13.5
Copar, Cu
miotal lómhar
9
Luaidhe, Pb
miotal iar-thrasdultach
11.3
Antamón, Sb
miotalóideach
6.7
Biosmat, Bi
miotal iar-thrasdultach
9.8
Ruitéiniam, Ru
miotal trasdultach, ceann de na miotail éadroma sa phlatanamghrúpa
12.5
Róidiam, Rh
miotal trasdultach, ceann de na miotail éadroma sa phlatanamghrúpa
12.4
Pallaidiam, Pd
miotal trasdultach, ceann de na miotail éadroma sa phlatanamghrúpa
12
Oismiam, Os
miotal trasdultach, ceann de na miotail troma sa phlatanamghrúpa
22.6
Iridiam, Ir
miotal trasdultach, ceann de na miotail troma sa phlatanamghrúpa
22.6
Platanam, Pt
miotal trasdultach, ceann de na miotail troma sa phlatanamghrúpa
21.5
Úráiniam, U
achtanóideach
19


Dlús leictreonDhá rud atá i gceist leis an dlús leictreon (nó le dlús na leictreon).
  • Nuair a bhítear ag trácht ar an adamh, is éard atá i gceist leis an dlús leictreon ná chomh dóighiúil is atá sé teacht ar an leictreon in áit áirithe timpeall ar núicléas an adaimh.
  • Nuair a bhítear ag trácht ar an bplasma, is féidir tagairt do dhlús na leictreon sa phlasma. Is éard atá i gceist leis an bplasma ná an damhna te sna réaltaí, agus é comhdhéanta as núicléis atá ag snámh i bhfarraige na leictreon – is é sin tá struchtúr na n-adamh féin imithe, ionas nach féidir a rá go mbaineann an leictreon seo leis an adamh áirithe úd.
Dlús optúil – Sórt drochthéarma é ”dlús optúil”, nó tagraíonn sé do dhá rud difriúla ar féidir téarmaí is fearr ná é a úsáid fúthu:
  • comhéifeacht athraonta;
  • ionsúiteacht.
Is éard atá i gceist leis an gcomhéifeacht athraonta ná an uimhir a thagraíos do mhoilliú an tsolais sa mheán. Mar seo a áirítear í:

n = c/v
inarb ionann:
  • n agus comhéifeacht athraonta an mheáin
  • c agus luas an tsolais san fholús
  • v agus luas an tsolais sa mheán


Maidir leis an ionsúiteacht, is uimhir logartamach í ar miosúr í ar an gcuid den fhuinneamh (fuinneamh na radaíochta – fuinneamh an tsolais mar shampla) a ólas an meán isteach chuige (a shús sé isteach, a ionsús sé) in áit é a iompar nó a ligean tríd. Is é an slonn matamaitice a cheadaíos dúinn an ionsúiteacht a thabhairt ná:

A = log10(Φ'/Φ)
inarb ionann:
  • A agus ionsúiteacht
  • Φ agus flosc radanta na radaíochta atá ag dul isteach sa mheán
  • Φ' agus flosc radanta na radaíochta atá ag teacht amach as an meán
Is éard is ciall don ”fhlosc radanta” ná fuinneamh na radaíochta roinnte faoin am (is é sin, cumhacht na radaíochta), agus is é is aonad don fhlosc radanta ná an vata (W). An logartam a úsáidtear, is é an logartam deachúlach (logartam Briggs) é.

Doimhneacht optúil – Tá baint ag an doimhneacht optúil leis an ionsúiteacht (an ”dlús optúil” sa dara ciall). Is í an fhoirmle a thugas an doimhneacht optúil ná:

τ = loge(Φ'/Φ)

inarb ionann:
  • τ (an litir Ghréagach tau) agus an doimhneacht optúil
  • Φ agus flosc radanta na radaíochta atá ag dul isteach sa mheán
  • Φ' agus flosc radanta na radaíochta atá ag teacht amach as an meán
Is í an t-aon difríocht idir an doimhneacht optúil agus an ionsúiteacht ná go n-úsáidtear an logartam nádúrtha (logartam Napier) leis an doimhneacht a thabhairt, seachas an logartam deachúlach (logartam Briggs).